Diwali (féile Hiondúch na soilse, Samhain)
Jump to navigation
Jump to search
Féile Hiondúch na soilse is ea Diwali, de ghnáth le linn mhí na Samhna (agus mí Dheireadh Fómhair uaireanta, í de réir fhéilire na gealaí).[1]
Déanann muintir na hIndia ceiliúradh ar feadh cuig lá.[2] Ceiliúrann Suícigh agus Búdaithe áirithe an t-am seo chomh maith ar fud na Áise (úsáideann siad ainmneacha difriúla b'fhéidir).
Seasann an Fhéile seo do bhua na maithe ar an olc.[3] Ceiliúradh an fhómhair atá ann freisin.
Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Mar chuid den fhéile seo, lasann daoine lampaí cré lán le híle;[4]
- Déantar milseáin Indiacha nó ‘mithai’ le seimilín, plúr cruithneachta, plúr sciphiseánaigh nó bainne tiubhaithe. Déantar iad a chumhrú le spíosraí milse, cuirtear cnónna agus rísíní iontu agus múnlaítear iad ina gcearnóga agus ina gciorcail dhaite;
- An dán eipiciúil, an Ramayana a rá;[5]
- Gléasadh le haghaidh Diwali, cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha, bia a roinnt, dul chuig an Teampall agus Diva a lasadh, srl.[6]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Oíche Shamhna
- Féile an Tiomnaithe
- Ramayana (dán eipiciúil)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Diwali agus Samhain i dtuaisceart Bhéal Feirste" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ "Pósadh Diwali agus Samhain < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ cogg.ie (5 Nollaig 2012). "Eureka 9-10". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ ccea.org.uk. "Lón Anamaː Aonad Téamach". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2013 by Conradh na Gaeilge - Issuu" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ nicurriculum.org.uk. "Creideamh agus Solasː Aonad Téamach". Dáta rochtana: 2021.