Jump to content

Discord

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Discord

CineálVoIP software (en) Aistrigh, suíomh gréasáin agus cliant teachtaireachtaí meandracha Cuir in eagar ar Wikidata
Bunleagan13 Bealtaine 2015
Leagan bogearraí
macOS: 0.0.270 (12 Nollaig 2022)
Microsoft Windows: 1.0.9166 (8 Deireadh Fómhair 2024)
Android: 269.11 (10 Márta 2025)
iOS: 270.0 (10 Márta 2025)
Linux: 0.0.88 (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Leagan roimhe seo
Android: 220.10 (4 Márta 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Ceadúnasceadúnas dílsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ar fáil sa
Eapainmdiscord (en) Aistrigh
Saintréithe teicniúla
Córas oibriucháinmacOS, Android, Microsoft Windows, iOS, Linux, bogearra córais Xbox agus PlayStation
ArdánmacOS, Linux, iOS, Android, brabhsálaí Gréasáin, Windows, Xbox agus PlayStation
Méid comhaidiOS: 215.5 MB
Google Play: 171 MB Cuir in eagar ar Wikidata
InneallElectron
Formáidíoslódáil digiteach agus dáileadh digiteach
Scríofa iJavaScript, Elixir, Rust, Python agus C++
Leabharlann
an comhéadan feidhmchláir
Electron agus web widget (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foireann
Forbróir(í)Discord Inc. (en) Aistrigh
EagarthóirDiscord Inc. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirGoogle Play, App Store agus Epic Games Store
Cáilíochtaí
PEGI
enllaç=d:Q70141708

Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáindiscord.com (ilteangacha) Cuir in eagar ar Wikidata
BlogBlog oficial Cuir in eagar ar Wikidata
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata
GitHubdiscord Cuir in eagar ar Wikidata
CA. Subredditdiscordapp Cuir in eagar ar Wikidata
Treoir úsáideoraGuia d'usuari Cuir in eagar ar Wikidata


Facebook: discord X: discord Bluesky: discord.com Instagram: discord Telegram: discordsensorbot VK: ru_discordapp Youtube: UCZ5XnGb-3t7jCkXdawN2tkA TikTok: discord Twitch: discord Musicbrainz: ee06dfb2-f604-4cd7-a434-d7bb11af851f GitHub: discord Cuir in eagar ar Wikidata

Is ardán sóisialta teachtaireachtaí agus VoIP é Discord a cheadaíonn cumarsáid trí ghlaonna gutha, glaonna físe, teachtaireachtaí téacs, agus meáin. Is féidir cumarsáid a dhéanamh go príobháideach nó i bpobail fhíorúla ar a dtugtar "freastalaithe".[nóta 1] Is bailiúchán de sheomraí comhrá agus cainéal gutha é freastalaí a bhfuil rochtain orthu trí naisc chuireadh. Oibríonn Discord ar Windows, macOS, Android, iOS, iPadOS, Linux, agus i mbrabhsálaithe gréasáin.

Tá thart ar 150 milliún úsáideoir gníomhach míosúil agus 19 milliún frastalaí gníomhach seachtainiúil ag Discord.[1] Úsáideann cluichirí den chuid is mó é ach tá líon na n-úsáideoirí a bhfuil suim acu i dtéamaí eile ag fás.[2] I mí an Mhárta 2024, ba é Discord an 30ú suíomh gréasáin ba mhó cuairt ar sa domhan, agus tháinig 22.98% dá thrácht idirlín ó na Stáit Aontaithe.[3][4] I mí an Mhárta 2022, d'fhostaigh Discord 600 duine ar fud an domhain.[5]

Ceapadh Discord ag Jason Citron, a bhunaigh OpenFeint, ardán shóisialta do chluichí guthán,[6] agus Stanislav Vishnevskiy, a bhunaigh Guildwork, ardán shóisialta cluichí eile. Ba é Fates Forever a gcéad táirge, a eisíodh in 2014, agus bhí Citron ag súil leis gurbh é an chéad chluiche il-imreora ar líne cath réimse (MOBA) ar guthán, ach ní raibh rath tráchtála air. [7]

Scaoileadh Discord go poiblí i mBealtaine 2015 faoin ainm fearainn discordapp.com. De réir Citron, ní dhearna siad aon bheart sonrach chun díriú ar aon lucht féachana ar leith, ach thosaigh roinnt subreddits a bhain le cluichí físeáin ag athsholáthar a naisc IRC le naisc Discord go gasta.[8] Úsáideadh Discord go forleathan ag imreoirí ríomhspóirt agus comórtais LAN. Bhain an chuideachta leas as caidrimh le sruthaitheoirí Twitch agus pobail subreddits do Diablo agus World of Warcraft.[9]

  1. About Discord | Our Mission and Values”. discord.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 18, 2021. Dáta rochtana: 2024-03-25.
  2. Pentagon leak suspect Jack Teixeira ordered to remain in jail as he awaits trial” (en). NBC News (May 19, 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 6, 2023. Dáta rochtana: June 10, 2023.
  3. Top Websites Ranking”. Similarweb. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 10, 2022. Dáta rochtana: December 1, 2021.
  4. discord.com”. similarweb (March 23, 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 29, 2022. Dáta rochtana: November 1, 2023.
  5. Murphy Kelly (March 22, 2022). “The dark side of Discord for teens”. CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar March 22, 2022. Dáta rochtana: March 22, 2022.
  6. Brown. “Discord Was Once The Alt-Right's Favorite Chat App. Now It's Gone Mainstream And Scored A New $3.5 Billion Valuation” (en). Forbes. Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 16, 2021. Dáta rochtana: July 18, 2023.
  7. Tasos Lazarides (14 Meán Fómhair 2015). "Ex-‘Fates Forever’ Developers Making ‘Discord’, a Voice Comm App For Multiplayer Mobile Games". TouchArcade. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Bealtaine 2016.
  8. Winkie (June 21, 2017). “Inside Discord, the Chat App That's Changing How Gamers Communicate”. Glixel. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 24, 2017. Dáta rochtana: June 21, 2017.
  9. Brightman (January 26, 2016). “Jason Citron lands $20m for Discord”. gamesindustry.biz. Gamer Network Ltd.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 18, 2016. Dáta rochtana: July 10, 2016.
  1. Tugann doiciméadacht an fhorbróra "guilds" ar na freastalaithe. Ní hiad na "freastalaí" seo na freastalaithe gréasáin a chuireann Discord i bhfeidhm.