Dicúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDicúil
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás9 haois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, réalteolaí, sagart, scríbhneoir, file, tíreolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Laidin

Ba mhanach agus gheografaí Gaelach é Dicúil (Laidin: Dicuilius), a rugadh sa dara leath den 8ú haois.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios cad iad na dátaí beachta a bhaineann le breith agus bás an mhanaigh. Níl a fhios againn faoin a shaol ach gur dócha gur le ceann de na mainistreacha Gaelacha iomadúla in Impireacht na gCairlínseach é, agus go bhfuair sé eolas pearsanta ar na hoileáin in aice le Sasana agus Albain. Ón bhliain 814 go dtí 816 mhúin Dicúil i gceann de scoileanna de Louis Cráifeach, áit a scríobh sé saothar réalteolaíoch, agus in 825 saothar geografach.[1]

Bhí an-chuid léitheoireachta déanta ag Dicúil; luann sé ó, nó tagraíonn sé do, tríocha scríbhneoir Gréigise agus Laidine, lena n-áirítear Hóiméar, Hecataeus, Héaradatas, Thucydides, Veirgil, Plinias Mór agus an Rí Iuba I, Gaius Julius Solinus, Naomh Isidore agus Paulus Orosius, agus an file Gaelach comhaimseartha Sedulius. Go háirithe, deir sé go n-úsáideann sé na suirbhéanna líomhnaithe ar an domhan Rómhánach a cuireadh i gcrích le hordú ó Iúil Caesar, Ágastas agus Theodosius II.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Esposito (1906). "An Unpublished Astronomical Treatise by the Irish Monk Dicuil". Proceedings of the Royal Irish Academy, Section C 26: 378–446. 
  2. Teimpléad:EB1911