Dianghlasáil Hubei (2020)
| ||||
Cineál | tarlú de Ordú dianghlasála ban (en) de taisteal coraintín Ordú dianghlasála | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | mainland China's response to the COVID-19 pandemic (en) agus COVID-19 pandemic lockdown (en) | |||
Tréimhse | 23 Eanáir - 8 Aibreán 2020 | |||
Dáta na bliana | 2020 | |||
Suíomh | Hubei, Daon-Phoblacht na Síne | |||
Tír | Daon-Phoblacht na Síne | |||
Baint le limistéar údaráis | Hubei | |||
Li Lanjuan (en) | ||||
Cúis | ráig coróinvíris 2019–2020 COVID-19 pandemic in Hubei (en) | |||
Thosaigh Dianghlasáil Hubei ar 23 Eanáir 2020, nuair a tháinig srianta taistil i bhfeidhm i gcathair Wuhan sa tSín, áit ar thosaigh an ráig den víreas COVID-19 agus bhí srianta freisin in áiteanna gar don chathair.[1] Thug na húdaráis sa tSín le fios ag an am go raibh ardú mór ar an líon daoine a raibh víreas tolgtha acu.
Dianbheartais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Wuhan na Síne an chéad chathair ar domhan ar cuireadh dianghlasáil uirthi le linn na paindéime.[2] Dúradh leis an 11 milliún duine a raibh cónaí orthu i gcathair Wuhan gan imeacht ón cheantar mura bhfuil géarghá leis.
Druideadh príomh-mhargadh na cathrach, pictiúrlanna agus caiféanna agus ansin druideadh na siopaí go léir. Ghair an rialtas cumhachtaí éigeandála go gairid ina dhiaidh sin. Níor ligeadh traein, bus, carr ná eitleán isteach ná amach. agus b’éigean do dhaoine fanacht sa bhaile, den chuid is mó. Ní mór srianta dochta don phobal go léir a chomhlíonadh.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig COVID-19 (nó 2019 n-CoV)[3] chun solais i Wuhan sa tSín i mí na Nollag 2019.[4] Tuigtear gur scaip an víreas ó mhargadh ina raibh bia mara agus ainmhithe a ndíol.[5]
In Eanáir 2020, bhí imeachtaí poiblí le Bliain Nua na Síneach a cheiliúradh i mBéising, Huanggang agus Wuhan curtha ar ceal in iarracht srianta a chur ar ráig den víreas, a bhí ag scaipeadh ar fud na tíre.[5]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an dianghlasáil ar chathair Wuhan le maolú ar an 28 Márta 2020. San áit ar thosaigh an ráig, tosóidh roinnt seirbhísí taistil arís ar an lá sin agus osclaíodh roinnt teorainneacha a bhí curtha i bhfeidhm ar an gcathair.[6]
Dianghlasáil lag san Eoraip
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Márta 2020, níor chuir an Iodáil an dianghlasáil i bhfeidhm sa tír go dtí gur cailleadh 800 duine. Ach faoin am sin, bhí an galar fréamhaithe sa phobal.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2020-01-24). "Ardú mór ar líon daoine a bhfuil an víreas corónach orthu sa tSín" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Ciarán Ó Pronntaigh (2020). "Contúirt na neamhréire polasaí < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-01-23.
- ↑ "Coronavirus Has a Name: The Deadly Disease Is Covid-19" (en). Wired. Dáta rochtana: 2020-02-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-01-22). "Cruinniú ag Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoi víreas marfach" (as ga).
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2020-01-23). "Imeachtaí leis an Bhliain Nua a cheiliúradh i mBéising ar ceal" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-03-28). "551,000 galraithe agus 24,900 básaithe de bharr Covid 19" (as ga).