Di Astud Chor
Cineál | saothar scríofa ![]() |
---|---|
Príomhábhar | An Féineachas ![]() |
Is luaththéacs dlí de chuid An Fhéineachais é De Fhostú Chonarthaí (Sean-Ghaeilge Di Astud[1] Chor[2][3]). Pléitear ann cathain a mbíonn conradh ina cheangal de réir dlí nó nach mbíonn.
Is cnuasach é an dréacht d'ábhar ó dhaltaí éagsúla, cuid aige nach luaithe ná an 8ú haois, chuid eile níos luaithe fós.[4]: 111 Mar shampla, tá dán ann maidir le coigeartú barrachais conartha gur féidir dáta a chur leis, bunaithe ar teangeolaíocht, go luath sa 7tú haois.[5]: 50
D'fhoilsigh Neil McLeod an chéad eagrán nua-aimseartha sa bhliain 1992.[6]: 244 [4] D'aithin sé ceithre leagan:
- A: Corpus Iuris Hibernici 985.24–1002.31
- B: CIH 1348.21–1359.25
- C: CIH 2040.28–2045.36, 2046.34–2050.32
- D: 1962.28–1963.35.[6]:244–5 [4]:95–101
Roinn McLeod an téacs ina 60 alt, i ndá chuid éagsúil. Pléitear i gCuid 1 (altanna 1–36) rialacha ginearálta a chinneadh go mbíonn conarthaí ina cheangal de réir dlí, agus i gCuid 2 (altanna 37–60) cásanna eisceachtúla, go háirithe cásanna ina bhfuil lochtanna ann nár nochtadh cheana, a cheadaíonn conradh a thréigean.[6]: 245
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Breatnach, Liam (2005), A Companion to the Corpus Iuris Hibernici, Early Irish Law Series, Volume V, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ISBN 1-85500-184-5, ISSN 0790-4657
- McLeod, Neil (1992), Early Irish contract law, Sydney Series in Celtic Studies 1, Sydney: Centre for Celtic Studies, University of Sydney, ISBN 0-86758-623-0
- Stacey, Robin Chapman (1994), The Road to Judgment: From Custom to Court in Medieval Ireland and Wales, University of Pennsylvania Press Middle Ages Series, Philadelphia: University of Pennsylvania Press, ISBN 0-8122-3216-X