Diúilicín cuaga
| Dreissena bugensis | |
|---|---|
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 188911 |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Mollusca |
| Aicme | Bivalvia |
| Ord | Myida |
| Fine | Dreissenidae |
| Géineas | Dreissena |
| Speiceas | Dreissena bugensis Andrusov, 1897 |
| Taifead | |
Is speiceas (nó fospeiceas) de dhiúilicíní fionnuisce é an diúilicín cuaga (Dreissena bugensis), moileasc débhlaoscach uisceach sa bhfine Dreissenidae. Maireann sé 3 go 5 bliana.[1]
Tá an speiceas dúchasach do chóras draenála na Dnípire san Úcráin agus tá sé ainmnithe i ndiaidh an chuaga, fospeiceas imithe in éag den séabra Afracach, b'fhéidir toisc, cosúil leis an chuags, go bhfuil a stríoca céimnithe amach i dtreo an tarrthaobh.
Is ábhar imní mór faoi láthair an cuaga ionrach mar go scaipeann sé in aibhneacha agus i lochanna na hEorpa agus freisin i Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh, áit ar tugadh isteach é ag loingseoirí thar lear a úsáideann Muirbhealach Naomh Labhrás.
Cuma fhisiciúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth bíonn sliogán an diúilicín seo dubh, buí agus/nó sceabhach. Mar sin féin, feictear raon leathan moirfeolaíochtaí sliogáin, lena n-áirítear moirf ar leith i Loch Erie atá meathbhán nó bán go hiomlán. Tá cíle chruinn ag an bhlaosc agus taobh tarrach dronnach aici.
Tá an diúilicín cuaga cosúil leis an diúilicín riabhach, díreach mar atá cosúlacht idir an cuaga féinan agus an diúilicín riabhach. Is féidir blaosc an diúilicín cuaga a idirdhealú ó bhláosc an diúilicín riabhach toisc go mbíonn sí níos gile i dtreo dheireadh an inse. Tá sé beagán níos mó ná an diúilicín riabhach freisin, thart ar 20mm ar leithead, thart ar mhéid ordóg duine fásta.
Cothú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scagbheathóir é an diúilicín cuaga: úsáideann sé a chuid fabhrán chun uisce a tharraingt isteach ina chuas sliogáin trí shífón ionshruthach, áit a mbaintear an t-ábhar cáithníneach inmhianaithe amach. Tá gach diúilicín fásta in ann lítear uisce nó níos mó a scagadh gach lá, ag baint fíteaplanctóin, zóplanctóin, algaí agus fiú a gcuid larbhaí féin. Ceanglaítear aon ábhar cáithníneach neamh-inmhianaithe le múcas, ar a dtugtar bréagfhaecas, agus cuirtear amach as an sífón ionshruthach é sula mbíonn deis aige dul tríd an gcóras díleá. Tar éis an dul tríd an gcóras díleá. scaoiltear uisce saor ó cháithníní amach as an sifón eas-shruthach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Dreissena bugensis - the Quagga Mussel”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-06-18. Dáta rochtana: 2009-11-22.