Deasún Mac Gearailt (Desmond FitzGerald)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Desmond FitzGerald)

Ba réabhlóideach Éireannach é Deasún Mac Gearailt (Desmond FitzGerald i mBéarla) (13 Feabhra 1888 – 9 Aibreán 1947) agus file, poiblitheoir polaitiúil agus polaiteoir de chuid pháirtí Chumann na nGaedheal, leis.[1]

Deasún Mac Gearailt

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Deasún Mac Gearailt in Forest Gate, West Ham, Essex in 1888 agus baisteadh Thomas Joseph FitzGerald air. Ba iad Patrick Fitzgerald (1831–1908), saothraí ó dheisceart Thiobraid Árainn, agus Mary Anne Scollard (1847–1927) ó Oileán Ciarraí, Contae Chiarraí, a thuismitheoirí. D’athraigh sé a ainm agus é sna déaga agus roghnaigh sé an t-ainm níos rómánsúla “Desmond”, nó “Deasún”. Tháinig sé go hÉirinn den chéad uair in 1910.[2] Bhí sé ina mhac léinn in St Bonaventure's.[3]

I Londain, bhí sé ina bhall den ghrúpa filí agus scríbhneoir darbh ainm "an grúpa Tour Eiffel", lena n-áirítear Ezra Pound, T.E. Hulme, F.S. Flint agus scríbhneoir Éireannach eile, Joseph Campbell. Fuair an grúpa a ainm as an bialann ina thionóladh na cruinnithe, bialann an Tour Eiffel in Soho.[4][5] I mí Aibreáin 1908, thóg Florence Farr agus Mac Gearailt Ezra Pound go dtí cruinniú an ghrúpa, eachtra a chur tús le caidreamh as a tháinig an grúpa Imagist níos déanaí.[6]

Saol Pósta agus Clann[athraigh | athraigh vicithéacs]

In 1911 phós Mac Gearailt, Caitliceach Rómhánach, Maedhbh nic Chonaill (Mabel Washington McConnell) (1884–1958), iníon John McConnell, díolacháin fuisce ó Bhéal Feirste, agus gariníon de chuid fheirmeoir Preispitéireach ó chúlchríoch na cathrach. D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus bhí an ábhar spéise céanna aici sa Ghaeilge is a bhí ag Mac Gearailt; bhuail sí air den chéad uair ag seimineár teanga i Londain. Chónaigh siad sa Fhrainc sular aistrigh siad go Ciarraí i mí an Mhárta 1913. Le linn an tréimhse seo chuaigh sé leis an ngrúpa aos dána, the Imagists. Bhí ceithre clainne acu: Desmond (1912–1987), Pierce (1914–1986), Fergus (1920–1983) agus Garret (1926–2011).

Náisiúnaí na hÉireann[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ghlac Mac Gearailt ballraíocht in Óglaigh na hÉireann in 1914 agus d’eagraigh sé buíonn Óglaigh i gContae Chiarraí. Agus é ina thimire, bhí air druileáil a dhéanamh fiú leis na hearcaigh ba lú oiriúnach. Ní raibh sé sásta leis sin óir b’fhear lán moráltachta araíonachta é.[7] Bhí an eagraíocht faoi bhrú an-mhór ag an am: díbríodh roinnt mhaith dá gceannairí i mí Iúil 1915 faoin Acht um Chosaint na Ríochta 1914. Ghlac Mac Gearailt an ról a bhí ag de Blaghd roimhe sin.[8] Ghearradh pionós príosúin air de bharr óráid a thug sé i gcoinne earcaíochta le linn an Chéad Chogadh Domhanda.[9] Ina sála sin, dhíbríodh as Ciarraí é agus d’aistrigh go Contae Chill Mhantáin é. Ba fhear fíormheasartha sprionlaithe é Mac Gearailt, agus d’fhág sé sin, chomh maith leis a chúlra Angla-Normanach, gurbh phearsa de chuid na gluaiseachta a tharraing míghean air féin. Mhothaigh sé amhail is nár thug a cheannairí aird ar a chás féin. Le linn gabháltas Ard-Oifig an Phoist san Éirí Amach 1916, nochtaigh sé a thuairim, “bhí mearbhall orm faoin meon a raibh ann go ginearálta maidir leis an slándála.” Ag buacphointe na troda, bhí sé í gcroílár an dóiteáin ar thug dúshlán mór do gharastún Ard-Oifig an Phoist.[10] Agus é ina dhuine a bhí i gcónaí amhrasach, léiríonn Mac Gearailt, a bhí i gceannais ar chiondálacha, ina chuimhní cinn den Éirí Amach 1916 an chur ag gluaiseacht tobann gan choinne a tharla, agus ansin tuairiscíonn sé ar staid agus caoi iadsan a bhí fós in Ard-Oifig an Phoist, ceanncheathrú na réibiliúnach. Cé gur minic a chuirtear síos ar an Éirí Amach mar chineál íobairt fola i gcuntais éagsúla, pléann Mac Gearailt an réasúnaíocht leathan taobh thiar de leis an gceannasaí Pádraig Mac Piarais, agus le Joseph Plunkett [11] a thaisteal go dtí an Ghearmáin ag iarraidh cúnamh in 1915. Mheas siadsan go mbeadh an bua ag an Ghearmáin sa Chéad Chogadh Domhanda agus go mbeadh suíochán ag Éire sa chomhdháil síochána a dtiocfadh i sála deireadh an Chogaidh dá mba rud é go mairfeadh an Éirí Amach trí lá nó níos mó. Cé gur bhfógair siad Poblacht na hÉireann san Éirí Amach in 1916, mheas siad go mbeadh gá ann cuireadh a thabhairt don mhac ba óige de shliocht an Khaiser, Joachim, a bheith i gcoróin ar nuaríocht athchóirithe na hÉireann, ríocht ina mbeadh Gaeilge mar theanga laethúil na ndaoine.[12]

Scaoileadh saor Mac Gearailt in 1918 nuair a toghadh é ina Fhesire Shinn Féin i ndáilcheantar Pembroke-Baile Átha Cliath.[13] Cheapadh é mar Stiúrthóir Poiblíochta tar éis thionóil an Chéad Dáil in 1919, agus chuaigh sé leis an nuachtán Nationality ar dtús, ag glacadh cúraim a bhí ag Laurence Ginnell roimhe, nuair a gabhadh eisean. Luaigh Mac Gearailt sa chéad tuairisc a chur sé faoi bhráid na Dála gurb é ‘an bolscaireacht an príomhmhodh a bhí againn chun poiblíocht a dhéanamh.’ Bhí deacracht aige tionchar a bheith aige ar an bpreas Briotanach, a scaoil amach nuacht ag baint le hÉire timpeall an domhain, den chuid is mó.[14]

An Chéad Dáil - Deasún Mac Gearailt sa tríú líne, an tríú dhuine ó chlé

I mí Bhealtaine 1919 chuaigh Erskine Childers, cara agus comhghleacaí de chuid Mhic Gearailt go Versailles, ag súil le páirt a ghlacadh sa Chomhdháil Síochána a thionóladh ann. Tharla gur tháinig níos mó cantail agus frustrachas go leanúnach ar Childers ann de réir a chéile mar gheall ar an mheon mhursanta a bhí ag an mBreatain maidir le saoirse na hÉireann. Chuir Mac Gearailt tús le míméagraf darbh ainm Achoimriú Seachtainiúil Ghníomhartha Forrántachta de chuid an Namhad i mí Iúil, 1919. Faoi mhí na Samhna chuir sé féin agus Childers tús le foilsiú an Irish Bulletin. Lean leo ar feadh dhá mhí is fiche ag scaoileadh amach bolscaireacht faoi choireanna a rinne Sasana chun borradh a chur faoi inchreidteacht na Dála agus inchreidtheacht Shinn Féin, freisin. D’ainneoin an ghearán a rinneadh sa Dáil in 1920 nárbh leor an méid a bhí sna liostaí sin, tharla gur chuir an móiminteam laistiar den Roinn Bolscaireachta mearbhall ar a gcomhraic.[15] Le linn Cogadh na Saoirse in Éirinn (1919-21) d’éirigh leis an Bulletin poiblíocht a chur amach maidir le aidhmeanna Phoblacht na hÉireann sa domhan mór agus níos mó rath á bhaint amach acu leis de réir a chéile, agus d’éirigh leo deireadh a chur leis an baoil a bhí ann go n-athródh an cogadh go coimhlint ní b’fhairsinge. Agus straitéis á dreachadh aige chun Chúige Uladh a choimeád, chreid Earnán de Blaghd, ceannródaí lucht na Poblachtach, go mbeadh imshuí uafásach amach is amach do Bhéal Feirste dá mba rud é go gcuirfí in áit é.[16] Os a choinne sin, d’iarr Seán Mac an tSaoi ar fhreagra a fháil ar an gceist sin, a mheas sé gurbh cogadh díothaithe a bhí ann i gcoinne an náisiúnachais; bhí “arm cumhachtach an imshuí” ann gurbh fhéidir leo a úsáid, de réir a argóint. Bhí a lán poblachtaigh i gcoinne an imshuí: D’fhógair Mac Gearailt gurb ionann imshuí agus “vótáil ar son na deighilte”.[17] Bhí an cuma ar an scéal go raibh ag éirí le Roinn [poiblíochta] na Dála an ceann is fearr a fháil ar lucht an Chaisleáin, nach raibh in ann a scéal a chur i bhfeidhm ar an bpobal, sa chogadh bolscaireachta. Chuir ina luí ar an Rúnaíocht gurbh fhiú leanúint ar aghaidh leis an Bulletin nuair a nascadh a gcuid páipéar agus ábhar i gcreach.[18] Gabhadh ar Mhac Gearailt i mí an Mhárta 1921, ach scaoileadh saor é arís. Déanach i mí Lúnasa 1921 rinne Éamon De Valera athrú maidir le ballraíocht an Chomh-aireacht, agus níor éirigh le Mac Gearailt aireacht a bheith aige, cé gur ainmníodh é mar Aire Poiblíochta in áit Childers.[19] Ba dhuine de na Teachtaí Dála é a rinne iarracht, nár éiríodh leis, De Valera a áitiú le bheith ina bhall den fhoireann idirbheartaíochta a sochródh an Conradh Angla-Éireannach arna síniú ar an 6 Nollaig.

Aire Rialtais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Mac Gearailt ar son an Chonartha. Ar an 30 Lúnasa 1922, ceapadh é mar an tAire Gnóthaí Seachtracha den Rialtas Sealadach Dheisceart Éireann. Ba cuid den Ríocht Aontaithe í Deisceart Éireann ar an dáta arna ceapadh é. Agus, mar gheall air sin, is aisteach an rud é go raibh Aire Gnóthaí Seachtracha sa Rialtas. Is é an fáth gur tharla an rud neamhghnách seo ná gurbh rialtas idirthréimhseach a bhí ann. Bunaíodh Saorstát Éireann ar an 6 Nollaig 1922.

Tailteann Games Visitors at the R.I.A. 1924 (18426438103)

Chuir Mac Gearailt iarratas isteach ar son na hÉireann le haghaidh ballraíocht Chonradh na Náisiún, i litir a scríobhadh ar an 17 Aibreán 1923.[17] Ghlacadh leis an iarratas sin, agus d’éirigh le hÉire ballraíocht a bhaint amach an bliain dár gcionn. D’fhreastail Mac Gearailt ag na Comhdháil Impiriúla ar son an stáit nua, freisin. In 1927 ceapadh é ina Aire Cosanta. I ndiaidh bhriseadh an rialtais in 1932, lean sé leis mar TD go dtí 1938. Toghadh é mar sheanadóir i Seanad Éireann, agus lean sé leis mar ionadaí sa Seanad go dtí gur éirigh sé as a ghairm mar pholaiteoir in 1943.

Sliocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí duine dá mhac, Gearóid Mac Gearailt ina Aire Gnóthaí Eachtracha sna 1970í, dála a atharsan, agus ceapadh é mar Thaoiseach dhá uair sna 1980í.

Fuair Deasún Mac Gearailt bás ar an 9 Aibreán 1947 i mBaile Átha Cliath, agus é 59 mbliana d’aois.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. "Mr. Desmond FitzGerald". Oireachtas Members Database. Retrieved 12 February 2012.
  2. "Desmond's Rising: Memoirs 1913 to Easter 1916", with foreword by Garret FitzGerald; Liberties Press, Dublin, published 1968 and 2006; pp.9, 11.
  3.  http://www.e7-nowandthen.org/
  4. Carr, Helen, The Verse Revolutionaries: Ezra Pound, H.D. and The Imagists. Random House.
  5. Carr, Helen. The Verse Revolutionaries: Ezra Pound, H.D. and The Imagists (Kindle Location 167). Random House. Kindle Edition.
  6. Carr, Helen. The Verse Revolutionaries: Ezra Pound, H.D. and The Imagists (Kindle Location 3438). Random House. Kindle Edition.
  7. C Townshend, "Easter 1916", (London 2006), p.44-5.
  8. Townshend, p.82.
  9. Murphy, William. Political Imprisonment and the Irish, 1912-1921. 2014: Oxford University Press. p. 38. ISBN 0191651265. Retrieved 3 April 2016.
  10. J.M.Heuston, "Headquarters Battalion, Army of the Irish Republic, Easter Week, 1916" (Tallaght 1966), p.44. Townshend, p.210.
  11. Townshend, p.264.
  12. "Desmond's Rising Memoirs 1913 to Easter 1916", op.cit., p.142-144.
  13. "Desmond FitzGerald"ElectionsIreland.org. Retrieved 12 February 2012.
  14. Report of the Propaganda Department, n.d., (May 1920), National Archives of Ireland DE:2/10.
  15. C Townshend, "The Republic", p.94-6.
  16. Bureau of Military History WS 939 (Ernest Blythe)
  17. Townshend, "The Republic", p.177.
  18. Townshend, "The Republic", p.299.
  19. Townshend, p.324.

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Papers of Desmond and Mabel FitzGerald, P80: Descriptive Catalogue, UCD Archives, University College Dublin
  • Desmond FitzGerald Photographs, UCD Digital Library, University College Dublin.The majority of these photographs arise out of the Civil War but other smaller series relate to the aftermath of the Easter Rising and to the War of Independence. There are also other series of army portraits and of historical occasions photographs.
  • Townshend, Charles, Easter 1916: The Irish Rebellion (London 2006)
  • Townshend, C, The Republic: The Fight For Irish Independence (London 2014)