Dervla Murphy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDervla Murphy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1931
Lios Mór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Bealtaine 2022
90 bliana d'aois
Lios Mór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreRothaíocht agus leabhar taistil
Gairmrothaí, scríbhneoir, rothaí spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáintravelbooks.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata

Ba scríbhneoir Éireannach í Dervla Murphy (28 Samhain 1931 - 22 Bealtaine 2022) a bhí an-tugtha don taisteal, go mór mhór ar rothar nó, corruair, ar mhiúil nó ar chapall.

Scríobh sí leabhar faoina cuid eachtraí taistil le corradh agus dhá scór bliain anuas. Rinne sí an chuid ba mhó den taisteal seo ina haonar nó lena hiníon, gan ach na rudaí is bunúsaí á dtabhairt léi ach ag brath ar fhlaithiúlacht na ndaoine áitiúla.

In ainneoin cuid mhór den domhan a bheith siúlta aici, choimeád sí cónaí i gcónaí san áit ar rugadh í, is é sin, Lios Mór i gContae Phort Láirge.

A luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lios Mór i gContae Phort Láirge

Ba as Baile Átha Cliath tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.[1]

Ó luathaois, rinne sí cinneadh ar thaisteal a dhéanamh. Thug a tuismitheoirí rothar áthláimhe di mar bhronntanas ar ócáid a deichiú breithlá agus fuair sí seanatlas óna “Pappa” (.i. a seanathair). Is cuimhin le Dervla go fóill cá háit a raibh sí nuair a chinn sí ar a dhul go dtí an India lá eigin ar a rothar. Leathbhealach suas mála crochta in aici le Lios Mór, bhuail an smaoineamh í gurbh fhéidir léi an India a bhaint amach dá leanfadh sí ar aghaidh mar sin.

D’fhreastail Murphy ar an meánscoil ag an gClochar Ursalach i bPort Láirge, ach d’imigh sí in aois 14 bliana di le haire a thabhairt dona máthair mhíchumasach. Sé bliana ní ba dhéanaí, thosaigh sí ar roinnt turas gearr: go dtí an Bhreatain Bheag agus go deisceart Shasana sa bhliain 1951, go dtí an Bheilg, an Ghearmáin, agus an Fhrainc an bhliain ina dhiaidh sin, agus dhá thuras go dtí an Spáinn, in 1954 agus 1956. Bhí roinnt alt faoin taisteal foilsithe aici san iris úd Hibernia agus ar an Irish Independent, ach thug na foilsitheoirí cúl láimhe lena leabhar taistil faoin Spáinn.

Fuair a céad leannán, Godfrey, bás thar lear sa bhliain 1958 agus d’éirigh a hathair tinn leis an neifríteas, seachghalar de chuid an fliú. Fuair seisean bás i mí Feabhra na bliana 1961 agus lean máthair Dervla é i mí Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí Murphy saor ansin óna cuid dualgaisí teaghlaigh agus faoi dheireadh bhí an bealach fada soir go dtí an India ag fanacht léi. Cheap Murphy gur dea-ullmhúchán cruatan agus bochtanas a hóige don sórt taistil a bhí ceaptha aici.

Taisteal agus scríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

ar mhiúil

Sa bhliain 1963, chuir Murphy chun bóthair ar a céad turas fada ar rothar, gan a bheith ag brath ach uirthi féin ó Éirinn go dtí an India. Thug sí piostal léi in éineacht leis an trealamh eile ar bord Roz, a rothar Armstrong Cadet, agus as d'imigh sí léi tríd an Eoraip le linn ceann de na geimhridh ba mheasa le blianta anuas. San Iúgslaiv di, thosaigh sí ag scríobh dialainne in áit a bheith ag cur litreacha abhaile. San Iaráin bhí an piostal áisiúil aici agus í ag cur ruaige ar baicle gadaithe, agus bhain sí feidhm as beart a bhí “dochurtha i gcló” i stáisiún póilíní le héalú ó dhuine a raibh beartaithe aige a héigniú. Gortaíodh í ar bord bus san Afganastáin nuair a bhuail buta raidhfil í agus briseadh trí easna uirthi, ach ba bheag an mhoill uirthi sin—bhain sí ceol as dreach agus muintir na tíre, mar sin féin. Sa Phacastáin fuair sí lóistín ón ualaí (wali) deireanach na Suáite, Miangul Aurangzeb. Chuaigh sí trí shléibhte cheantar Ghilgit, ansin trí Phuinseáb, agus sa deireadh trasna na teorann soir go Deilí san India. D’fhoilsigh an comhlacht John Murray a dialann mar Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle, an chéad leabhar foilsithe dá cuid agus an leabhar ba iomráití díobh.

teifigh ón Tibéid

I ndiaidh Deilí a bhaint amach di, d’oibrigh Murphy go deonach le teifigh ón Tibéid faoi choimirce an eagraíocht Save the Children. Chaith sí cúig mhí i gcampa teifeach i nDharamsala a bhí faoi stiúradh Tsiring Dolma, deirfiúr don 14ú Dalai Láma. Ina dhiaidh sin, chuaigh sí ar a rothar trí ghleann Kullu. B’as an turas seo a tháinig an dara leabhar aici, Tibetan Foothold. Ar ais san Eoraip do Murphy bhí sí páirteach i bhfeachtas bailithe airgid ar son Save the Children. Sa bhliain 1965, chuaigh sí go dtí Neipeál le hobair a dhéanamh ar mhaitheas teifeach Tibéadach i bPokhara. Scríobh sí faoi seo sa leabhar The Waiting Land.

Ba sa bhliain ina dhiaidh sin a rinne Murphy a céad turas go dtí an Afraic. Thaistil sí san Aetóip, ag siúl ó Asmara go dtí an phríomhchathair Addis Ababa gan de chuidiú aici ach miúil ualaigh. Ar an bhealach, bhagair saighdiúirí a raibh raidhfilí Kalashnikov uirthi. Chuir sí síos ar an turas seo san cheathrú leabhar dá cuid, In Ethiopia with a Mule.

Taisteal le Rachel[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí iníon Murphy, Rachel, ag aois a cúig bliana, thionlaic sí í ar thuras den chéad uair. D’eitil an bheirt go Bombay san India. Ó Bombay thaistil siad go Goa agus Coorg--On a Shoestring to Coorg an leabhar a tháinig as an turas úd. In a dhiaidh sin, chuaigh an péire acu go dtí an Baltastáin (Where the Indus is Young), go Meiriceá Theas (Eight Feet in the Andes), agus go Madagascar (Muddling Through in Madagascar). Ar an turas deireanach le chéile acu, thaistil siad trí Chamarún san Aifric ar chapall. Tá meas ag lucht na tíre úd ar chaiple agus suim acu iontu; "Egbert" a bhaist na Murphys air. Glacadh Dervla mar fhear céile Rachel uaireanta. Travels with Egbert an leabhar a scríobh Murphy faoin turas.

Madagascar

Sna 1970idí déanacha thosaigh Murphy a scríobh faoina tír agus a saol féin le A Place Apart (1978), faoina cuid taistil i Tuaisceart na hÉireann nuair a chuaigh sí chun comhrá le Caitlicigh agus Prostatúnaigh araon ansin, agus le Wheels Within Wheels (1979), leabhar dírbheathaisnéiseach. Sna 1980idí, thosaigh téamaí polaitiúla a theacht chun tosaigh ina cuid scríbhneoireachta. Dar léi féin, bhí a leabhar Race to the Finish? The Nuclear Stakes (1982) an crosbhealach. Ar a shála sin, phléigh sí caidreamh idirchine i mBradford agus i mBirmingham i Sasana (Tales From Two Cities), an SEIF (The Ukimwi Road), iarmhais na hapairtéide (South from the Limpopo), cinedhíothú Ruanda (Visiting Rwanda), díláithriú lucht treibheanna (One Foot in Laos), agus atógáil iarchogaidh sna Balcáin (Through the Embers of Chaos). Tá sí i gcoinne próiseas an domhandais, agus faigheann sí locht ar ECAT (NATO), an Banc Domhanda, an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta, agus Eagraíocht na Trádála Domhanda. Labhair sí amach in aghaidh na cumhachta núicléiche agus athrú na haeráide. Fuair cuid daoine locht ar an “stuif polaitiúil” seo féin, ach deir Murphy mar fhreagra go raibh rudaí áirithe le rá aici agus gur cuma léi mura leabhair thaistil ghlana amach agus amach atá á scríobh aici.

Baikal

Sa bhliain 2002, agus 71 bliain slánaithe aici, bheartaigh sí ar dhul ar a rothar trí Chríoch Phrimorsky i gcianoirthear na Rúise, sa tSibéir, ach tháinig constaicí sa bhealach uirthi. Bhris sí a glúin ar an phríomhlíne den iarnród Baikal Amur di. D’fhan sí in áit ag Loch Baikal ag bisiú, ach stróic sí colpa fad is a bhí sí ag fanacht ann. Shocraigh sí ar leanúint ar aghaidh ar traein, ar bád agus i mbus. Is é Through Siberia by Accident a cuntas ar an turas sin. Chuaigh sí ar ais go dtí an tSibéir ina dhiaidh sin--Silverland an leabhar a tháinig as an dara turas seo. Sa bhliain 2005 thug sí cuairt ar Chúba, an uair seo in éineacht lena hiníon agus triúr gariníonacha. I ndiaidh filleadh go Cúba i 2006 agus i 2007 scríobh sí The Island that Dared.

A saol pearsanta agus gníomhaíocht neamhliteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor phós Murphy riamh. Ba í Rachel, a rugadh sa bhliain 1968, an t-aon pháiste a bhí aici. Ba é Terence de Vere White (b. 1994), iriseoir de chuid an Irish Times, athair Rachel.[2]

Dúradh gur rogha crógach é a hiníon a thógáil léi féin in Éirinn sna seascaidí, ach dúirt Murphy go raibh sí slán ó cháineadh siocair ise a bheith ina tríochaidí agus socair ó thaobh airgid agus oibre de. D’oibrigh sí mar léirmheastóir leabhar ar feadh cúig bliana i ndiaidh bhreith Rachel sular d’iompaigh sí ar ais ar an scríbhneoireacht taistil.

D'fhan Murphy ina cónaí i Lios Mór in éineacht lena cuid cat agus madraí. Bhí sí ina patrún ar Sustrans, cumann ar son taistil inbhuanaithe atá suite sa Bhreatain, agus ar Fhéile na Scríbhneoireachta Taistil Immrama i Lios Mór. Bhí Murphy páirteach ar an chlár Great Lives de chuid BBC Radio 4, ag moladh Freya Stark (scríbhneoir taistil Briotanach) mar shampla de shaol tábhachtach inmholta.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle, 1965.
  • Tibetan Foothold, 1966.
  • The Waiting Land: A Spell in Nepal, 1967.
  • In Ethiopia with a Mule, 1968.
  • On a Shoestring to Coorg: An Experience of South India, 1976.
  • Where the Indus Is Young: A Winter in Baltistan, 1977.
  • A Place Apart, 1978.
  • Wheels Within Wheels (dírbheathaisnéis), 1979.
  • Race to the Finish? The Nuclear Stakes, 1982.
  • Muddling Through in Madagascar, 1985.
  • Changing the Problem: Post-forum Reflections, 1985.
  • Ireland, Orbis, 1985.
  • Eight Feet in the Andes: Travels with a Mule in Unknown Peru, 1986.
  • Tales from Two Cities: Travels of Another Sort, 1987.
  • Cameroon with Egbert, 1990.
  • Transylvania and Beyond, 1993.
  • The Ukimwi Road: From Kenya to Zimbabwe, 1995.
  • Visiting Rwanda, 1998.
  • South From the Limpopo: Travels Through South Africa, 1999.
  • One Foot in Laos, 2001
  • Through the Embers of Chaos: Balkan Journeys, 2003.
  • Through Siberia by Accident, 2005.
  • Silverland: A Winter Journey Beyond the Urals, 2006
  • The Island That Dared, 2008 (taisteal i gCúba)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Murphy, D. (1979) Wheels Within Wheels.
  2. Speake, Jennifer (2003). "Literature of Travel and Exploration: An Encyclopedia": 829. Taylor and Francis. Dáta rochtana: 2008-10-12. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]