Jump to content

Roinn Éifeachtúlachta Rialtais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRoinn Éifeachtúlachta Rialtais
(en) U.S. DOGE Service Temporary Organization Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósDoge (en) Aistrigh agus Dogecoin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánDOGE Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpresidential commission (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreefficiency (en) Aistrigh agus dismissal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh20 Eanáir 2025, Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilteSamhain 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Faoi thionchar
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtSteve Davis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtUnited States Digital Service (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindoge.gov Cuir in eagar ar Wikidata

X: DOGE Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 20 Eanáir 2025 bunaíodh Roinn Éifeachtúlachta Rialtais na Stát Aontaithe (nó i mBéarla, an Department of Government EfficiencyDOGE). Seo iarracht ag Donald Trump an líon daoine atá fostaithe ag an rialtas feidearálach a laghdú go sonrach agus cur le héifeachtacht na seirbhíse poiblí, ar mhaithe leis an mana ‘Drain the Swamp’ de chuid Trump. Tá an cur chuige bunaithe ar stíl bhainistíochta Elon Musk agus lorg a láimhe ar na hollorduithe.

Lógó DOGE i mí na Samhna 2024; bhain Musk úsáid as chun foireann DOGE a chur le chéile
Ar an 11 Feabhra 2025 san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán, Musk i lár (agus a mhac X ann) agus Trump ag éisteacht leis

Ar an 28 Samhain 2024, d'fhógair Elon Musk go ndéanfadh DOGE iniúchadh ar an Rialtas agus an caifeachas.[1]

Ar an 28 Eanáir 2025, faoi mhaoirseacht Musk, tugadh fógra scoir – nó tairiscint éirí as – d’oibrithe rialtais agus pacáiste iomarcaíochta tairgthe dóibh arb ionann é agus ocht mí tuarastail.[2] Fuair dhá milliún oibrí sa tseirbhís phoiblí na fógraí scoir i mí Eanáir. I mí Feabhra, bhí orduithe faighte acu cur síos a dhéanamh ar a gcuid cúraimí oibre.[3] Tá suas le 50,000 post ar fad i mbaol agus maoiniú do scoileanna agus Medicaid le laghdú.[4]

Ar an 27 Feabhra 2025, reáchtáladh an chéad chruinniú de chomhaireacht Trump. Bhí Musk, nach bhfuil ról oifigiúil ar bith aige sa rialtas, ach atá i mbun DOGE, i láthair agus ról lárnach aige sa tionscadal chun chiorruithe ar sheirbhísí poiblí a chur i bhfeidhm.[5]

Reáchtáladh agóidí ar fud na Stát Aontaithe le himní a léiriú faoi na ciorruithe sa tseirbhís phoiblí.[6] Bhí an pobal ag impí ar a gcuid ionadaithe Comhdhála cur in aghaidh Trump, Musk agus a gcuid polasaithe.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. x.com (28 Samhain 2024). "IRS Audit by DOGE: Musk's Efficiency Drive".
  2. "Trump offering federal workers buyouts with about 8 months' pay in effort to shrink government" (en). AP News (2025-01-28). Dáta rochtana: 2025-03-01.
  3. Jenna McLaughlin (2025-03-01). "Federal workers get a new email demanding their accomplishments" (en). NPR. Dáta rochtana: 2025-03-01.
  4. Máirín Ní Ghadhra (28 Feabhra 2025). "Foláireamh ó El Capitan faoin dochar atá á dhéanamh ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-01.
  5. "Highlights: Musk plays a key role at Trump's first Cabinet meeting" (en). NBC News (2025-02-27). Dáta rochtana: 2025-03-01.
  6. RnaG (2025-02-19). "Caitríona Weafer, tráchtaire, Meiriceá." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-01.
  7. "Dogecoin" (as en) (2025-03-17). Wikipedia.