Deiniseóbhach

Is speiceas de dhaoine ársa iad na Deiniseóbhaigh,[1] muintir na ré Páiléilití, a mhair sa chuid thiar den Áise idir thart ar 1.000.000/400,000 agus 40,000 bliain ó shin. Ainmníodh iad as Uaimh Denisova sa tSibéir, áit ar aimsíodh an chéad Deiniseóbhach in 2008.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na Deiniseóbhaigh ina gcomharsana géiniteacha do na Neandartálaigh agus do dhaoine nua-aimseartha (Homo sapiens). Dealaíonn siad ó stoc coiteann le daoine nua-aimseartha thart ar 800,000 bliain ó shin.
Áiteanna cónaithe: Mhair siad ar fud chuid mhór den Áise, ón tSibéir go dtí an Tibéad, an Indinéis, agus Nua-Ghuine. Taispeánann fianaise géiniteach go raibh siad in ann maireachtáil in aeráidí éagsúla.
Oidhreacht ghéiniteach: Tá rian géiniteach suntasach de na Deiniseóbhaigh le fáil i ndaonraí áirithe san Áise fós inniu, go háirithe:
- Muintir na Tibéide (suas le 5% dá nDNA)
- Muintir Mhéileinéise agus na hAstráile dúchasaí (2-6%)
- Roinnt daonraí eile san Áise Thoir Theas
Fianaise seandálaíochta: Ós rud é nach bhfuil iarsmaí cnámhacha go leor againn, tugann anailís ADN ar ábhar as fiacla, cnámha méire, agus ábhar eile an chuid is mó dár n-eolas fúthu.
Léiríonn staidéar ar na Deiniseóbhaigh an chastacht a bhain le habhshlóid an duine agus na hidirghníomhaíochtaí idir speicis éagsúla daonna sa ré Pléistéicéineach.[2]


Yunxian
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025, foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de chuid Homo longi san irisleabhar “Science”.[3] [4]
D’aimsíodh an blaosc in Yunxian (Cúige Yunnan) sa tSín, tugadh " Yunxian 2" air. De réir na hanailíse, tá sé thart ar mhilliún bliain d’aois. Tá an iontaise brúite go dona, acht bhí na heolaithe in ann é a scannáil, an dífhoirmiú a bhaint de go digiteach, agus priontáil thríthoiseach a dhéanamh de cheann ceartaithe, a chruthaíonn gur Deiniseóbhach a bhí i gceist. Tá an fhionnachtain tábhachtach, má tá sé dátaithe i gceart, mar tá an blaosc i bhfad níos sine ná gach iontaise eile de chuid na nDeiniseóbhach a aimsíodh cheana.
Léiríonn sé an fhéidearthacht go bhfuil ár speiceas fhéin, Homo sapiens, i bhfad níos sine ná a ceapadh cheana freisin. Agus tá oidhreacht na nDeiniseóbhach inár measc go fóill; mar atá cúpla faoin gcéad de DNA Néandartálach i ngach duine ar domhan seachas na hAfraicigh fho-Shaháracha, tá cúpla faoin gcéad de DNA Deiniseóbhach fós i ndaoine éagsúla in oirdheisceart na hÁise agus ar oileáin an Aigéin Chiúin.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Denisovans as Béarla
- ↑ Is tréimhse gheolaíoch í an Pléistéicéineach (Pleistocene as Béarla) a mhair ó thart ar 2.6 milliún bliain ó shin go dtí thart ar 11,700 bliain ó shin.
- ↑ Xiaobo Feng, Qiyu Yin, Feng Gao, Dan Lu, Qin Fang, Yilu Feng, Xuchu Huang, Chen Tan, Hanwen Zhou, Qiang Li, Chi Zhang, Chris Stringer, Xijun Ni (2025-09-25). "The phylogenetic position of the Yunxian cranium elucidates the origin of Homo longi and the Denisovans". Science 389 (6767): 1320–1324. doi:.
- ↑ "Million-year-old skull rewrites human evolution, say scientists" (en-GB). www.bbc.com (2025-09-25). Dáta rochtana: 2025-10-21.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (27 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-29.