DeepSeek
| Cineál | startup company (en) |
|---|---|
| Bunleagan | Bealtaine 2023 |
| Foireann | |
| Cruthaitheoir/í | Liáng Wénfēng |
| Tuilleadh eolais | |
| Láithreán Gréasáin | deepseek.com (ilteangacha) |
| GitHub | deepseek-ai |
|
| |
Saotharlann intleachta saorga Síneach is ea DeepSeek'(Sínis: 深度求索; pinyin: Shēndù Qiúsuǒ ) a fhorbraíonn samhlacha móra teanga foinse oscailte. Tá DeepSeek maoinithe go príomha ag ciste fálaithe na Síne High-Flyer, a bhunaigh Liang Wenfeng atá bunaithe i Hangzhou, Zhejiang.[1]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineadh croitheadh as rialtas Mheiriceá agus as na comhlachtaí in Silicon Valley i mí Eanáir 2025 nuair a eisíodh an bota cómhrá darb ainm DeepSeek-R1. Chuaigh an aip go barr na liostaí íoslódála ar iOS agus Android, rud a chuir imní ar cheannairí teicneolaíochta i Meiriceá, toisc gur mhaígh DeepSeek gur chruthaíodar an tsamhail le níos lú maoinithe i comparáid le samhlacha Meiriceánacha ar nós OpenAI.
Tá DeepSeek níos saoire mar ní úsáideann sé mórán sliseanna. Dar leis an bhfoireann atá taobh thiar de DeepSeek, ní raibh ach timpeall €6 mhilliún de dhíth orthu chun an teicneolaíocht a chruthú, méid atá i bhfad níos lú ná na billiúin dollar a chaitheann gnólachtaí SAM.
De bhrí na nuachta sin, chaill an comhlacht sliseanna, Nvidia, $600 milliún ar an 27 Eanáir 2025 – an caillteanas margaidh is mó i stair na Stát Aontaithe. Léirigh an tUachtarán Trump a imní faoin teicneolaíocht bíodh is gur cheiliúir rialtas na Síne an aip nua.
Cuireadh i leith DeepSeek nach bhfuil sé saor ón mbolscaireach. Nuair a a chuir BBC ceist air faoi na heachtraí i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989, dúirt DeepSeek nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt.[2][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "DeepSeek" (en). www.deepseek.com. Dáta rochtana: 2025-02-15.
- ↑ NÓS (2025-01-28). "DeepSeek: iomaitheoir nua IS ar an bhloc" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2025-02-15.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (1 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-01.