Jump to content

Córas loingseoireachta Decca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Decca)
innealra
Decca ar fud an domhain, 1940idí-2000
Bhain an córas úsáid as tonnta hipearbóileacha
Stáisiún Decca, Lerwick, Albain

Forbraíodh an córas loingseoireachta Decca[1] sa Bhreatain le linn an Dara Cogadh Domhanda, córas loingseoireachta a bhí bunaithe ar thonnta raidió.

Thóg an comhlacht Decca sa Bhreatain an córas le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí sé an-tábhachtach san ionsaí a rinne fórsaí na Comhghuaillíochta ar an Normainn ar D-Day. Tar éis an chogaidh, scaoileadh an córas amach go poiblí agus bhí sé in úsáid ag mairnéalaigh ar fud an domhain roimh theacht an chórais GPS in 2000.

Decca in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó na 1940idí go dtí 2000, bhí 24 stáisiún ar fud na hÉireann, na Breataine, agus Oileáin Mhuir nIocht. Bhí cúig stáisiún in Éirinn nuair a bhí an córas in úsáid: an Clochán Liath (Dún na nGall), Gaillimh, Eochaill (Corcaigh), Cluain Rothla (Ard Mhacha), agus Baile na nGall (Ciarraí).

Cuireadh deireadh leis an tseirbhís Decca sa Bhreatain ar an 31 Márta 2000 agus cuireadh deireadh leis an tseirbhís in Éirinn ar an 19 Bealtaine 2000 (ba í an tSeapáin an tír dheireanach a d’éirigh as úsáid an chórais Decca, i mí Mhárta na bliana 2001).

Aistríodh an stáisiún Decca agus an suíomh i mBaile na nGall ó Bhord Iascaigh Mhara go Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in 2008. Bhí an stáisiún Decca le háitribh a bhain leis an nGarda Cósta. Tugtar le fios in 2025 go raibh sé “in úsáid” go dtí 2023 (ní deirtear cén úsáid a bhaintí as idir 2000 agus 2023). Ansin dhíol Oifig na nOibreacha Poiblí an stáisiún.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Decca Navigator System
  2. Maitiú Ó Coimín (14 Lúnasa 2025). "Seanstáisiún loingseoireachta i gCorca Dhuibhne le cur ar díol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.