Jump to content

Deasún Fennell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDeasún Fennell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Meitheamh 1929
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Iúil 2021
92 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1947)
Coláiste Belvedere
Scoil Uí Chonaill
Ollscoil Bonn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar, teangeolaí, philosopher of culture (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirDeutsche Welle Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Intleachtóir, iriseoir agus smaointeoir ildánach as Béal Feirste ba ea Deasún Fennell[1] (29 Meitheamh 192916 Iúil 2021).[2][3][4][5][6]

Scríobh sé go leor leabhra a bhain le cúrsaí na tíre agus cúrsaí fealsúnachta. Rinne sé go leor colún agus aistí do nuachtáin agus d’irisí éagsúla agus ba mhinic é ina rannpháirtí ar chláracha raidió agus teilifíse. Chaith sé sealanna le múinteoireacht agus léachtóireacht. Bhí spéis faoi leith aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tuairimí láidre – conspóideacha go minic– aige ina dtaobh.[7]

Rugadh Fennell i 1929 ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste. Tógadh i mBaile Átha Cliath é ó bhí sé trí bliana d’aois agus d'fhreastail sé ar Choláiste Belvedere.

Sa mbliain 1963 phós Fennell Mary Troy, múinteoir Béarla agus diagaire as Luimneach. Bhí cúigear clainne acu, Oisín, Cillian, Natasha, Sorcha agus Kate.[7] Bhí sé mar chuid de ghlúin gníomhaithe teanga a d’aistrigh siar go ceantair Ghaeltachta sna 1960idí agus 1970idí le cabhrú le caomhnú agus cothú na teanga ann.[8] I 1968 d’aistrigh Fennell, a bhean agus a gclann chuig Maínis (Iorras Aithneach) i gConamara. Bhí tionchar mór ag Fennell ar shaol na Gaeltachta agus chuaigh go leor dá chuid fealsúnachta i bhfeidhm ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.[9]

Tharraing alt leis a foilsíodh san Irish Times ar an 21 Eanáir 1969 neart cainte. San alt sin, chuir sé i leith dhíograiseoirí na Gaeilge gur úsáid siad an Ghaeltacht go príomha mar áit le Gaeilge a fhoghlaim, nó le saoire samhraidh a chaitheamh ach nach raibh siad sásta cur fúthu sa nGaeltacht (sna 1960idí).[10]

Chonaic sé an staid bocht ina raibh an Ghaeltacht thart timpeall air: an Ghaeilge an láidir ach an staid eacnamaíochta lag. Thuig sé nach díograiseoirí teanga gnáthmhuintir na Gaeltachta.

1970 - 1990idí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é a tháinig aníos leis an smaoineamh, a spreag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Saor-Raidió Chonamara a chur ar an aer le linn seachtain na Cásca 1970, gníomh as ar eascair Raidió na Gaeltachta.

Tháinig Fennell ar an tuairim nach raibh aon ní cóir i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus nach dtabharfaí slán teanga mhionlaithe muna dteastódh ón mionlach féin a dteanga a thabhairt slán.[11] Ba é 'Iosrael in Iarchonnacht’ an smaoineamh mór, agus eagraíocht, a bhí ag Fennell leis an Ghaeilge a shlánú. Bunaigh Fennell eagraíocht in 1969 ar ar tugadh ‘Iar-Chonnachta 1985’ ar a raibh Seosamh Ó Cuaig ina Rúnaí, an t-aon duine Gaeltachta, a thug tacaíocht phoiblí don fhís uaillmhianach a bhí ag Deasún Fennell. Ghlac roinnt daoine leis gur ag maslú mhuintir na Gaeltachta a bhí Deasún Fennell nuair a thug sé le fios go raibh pobal Chonamara tinn agus gur theastaigh díograiseoirí Gaeilge ó lasmuigh a mhealladh isteach le borradh a chur faoin gceantar.[10]

Bhíodh colún aige a mbíodh an-éileamh agus an-tionchar aige sa Sunday Press (1968 - 1972, agus arís 1980 - 1990idí luath), mar a gcuireadh sé a chuid smaointe faoi chúrsaí polaitíochta agus cultúir i láthair leis an neamheagla ba dhual dó. Mhol sé go ndéanfaí Éire a athshamhlú mar náisiún a bhí neamhspleách ó thaobh an chultúir, na smaointeoireachta agus na heacnamaíochta.

Idir 1976 agus 1982 bhí Fennell ina léachtóir le hEolaíocht Pholaitiúil agus ina theagascóir staire i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus bhí sé ina léachtóir le Scríbhneoireacht an Bhéarla in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Chaith Fennell scór bliain, ó 1997 go 2017, ina chónaí in Anguillara na hIodáile, baile atá ar bhruach locha. Timpeall 1997 a thit sé i ngrá le Miriam Duggan (múinteoir as Baile Átha Cliath) a bhí ina pháirtí aige ar feadh ceithre bliana fichead (nó 2003-2021 a deirtear uaireanta[12]). Bhí sé colscartha óna bhean ón mbliain 2003.[7]

In 2015, mhol Fennell go mbunófaí eagraíocht nua darb ainm Éire Saor chun ‘cúis na Gaeilge’ a chur chun cinn.[11][13]. Mhaígh sé sna hailt i dTuairisc.ie go raibh teipthe ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan agus go raibh gá le cur chuige nua – bunú Éire Shaor, eagraíocht nua cainteoirí líofa Gaeilge.[14][15]

Maireann a dheirfiúr Rosemary, a chlann Oisín, Cilian, Natasha, Sorcha, agus Kate, a mhac céile Ron, a iníon chéile Cathy, agus a gharchlann Sorcha, Jessica, Thal, Maya, Zach agus Anú.[6]

Rinne sé scagadh ar go leor ceisteanna éagsúla a bhain le réimse leathan ábhar, ina measc an náisiúnachas, an coilíneachas, an chríochdheighilt, sibhialtacht an iarthair, an nualiobrálachas, an cumannachas agus an Caitliceachas.

I measc na saothar is mó aige tá Mainly in Wonder (1959), faoina chuid taistil sa Chianoirthear agus The Changing Face of Catholic Ireland (1968). Foilsíodh a leabhar, Nice people and rednecks: Ireland in the 1980s sa mbliain 1986.

Sa leabhar The Third Stroke Did It: The Staggered End of European Civilisation (2012), d’áitigh sé gurb é an bás a bhí i ndán do chultúr tomhaltachais an iarthair toisc a bhaoithe is a bhí sé.

Sna 1960idí agus sna 1970idí mhol sé cur chuige nua i leith aontú na hÉireann agus athbheochan na Gaeilge agus cheistigh sé gnéithe den náisiúnachas traidisiúnta i saothair amhail Beyond Nationalism: The Struggle against Provinciality in the Modern World,  Sketches of the New Ireland.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Desmond Fennell
  2. "Condolence Book for Dr. Desmond FENNELL (Malahide, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-04-22.
  3. Tús Áite / RnaG (19 Iúil 2021). "Bás Deasún Fennell" (ga-IE). RTE Radio RnaG. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  4. Seosamh Ó Cuaig (20 Iúil 2021). "Slán agus céad leat, a Dheasúin, a chara na gcarad" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  5. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  6. 1 2 "Death Notice of Dr. Desmond FENNELL (Malahide, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-04-22.
  7. 1 2 3 ainm.ie (2026). "FENNELL, Deasún (1929–2021)".
  8. "An scríbhneoir agus gníomhaí teanga Deasún Fennell ar shlí na fírinne" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  9. Nuacht RTÉ (2026-04-22). "Scéal beatha cúigear Gael eile curtha le Ainm.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-22.
  10. 1 2 Comhar / Donncha Ó hÉallaithe (2021). "Deasún Fennell (1929 - 2021) Guth ag glaoch san fhásach" (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  11. 1 2 Seán Tadhg Ó Gairbhí (16 Feabhra 2015). "Eagraíocht teanga nua darb ainm ‘Éire Saor’ molta ag Deasún Fennell" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  12. "Desmond Fennell" (as en) (2025-12-05). Wikipedia.
  13. Moladh Deasún Fennell i gcóir eagraíocht Gaeilge nua Éire Saor. (2015-02-19). "Donncha Ó hÉallaithe, Gníomhaí Teangan Cóilín Ó Cearbhail, President of the Gaelic League" (ga-IE). RTE Radio / Cormac ag a Cúig. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  14. Deasún Fennell (2016-05-18). "Ailt, Tuairisc.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  15. "ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-07-19). Dáta rochtana: 2026-04-23.
  16. "Desmond Fennell: His Life and Work – Abbey Bookshop" (en-GB). abbeybookshop.ie. Dáta rochtana: 2026-04-23.
  17. "Books" (en). Toner Quinn (2025-09-06). Dáta rochtana: 2026-04-23.