Jump to content

De Valera San Fhásach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Sraith TeilifíseDe Valera San Fhásach
Seánrascannán drámaíochta agus scannán faisnéiseach
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid2025

Is sraith teilifíse de chuid TG4 é 'De Valera San Fhásach' a craoladh sa bhliain 2025.

Is léiriú é an tsraith stairiúil seo ar scéal Éamon de Valera sna blianta 1924-1926 nuair a bhí sé san 'fhásach' go polaitiúil. Chaith sé tréimhse sa phríosún, bhí sé in ísle brí agus is ar éigean a bhí cumhacht pholaitiúil ar bith aige le linn na tréimhse seo.[1]

Insítear scéal na mban réabhlóideach a thacaigh leis ag am chun athrú iomlán a chur ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn agus mar a bhunaigh sé Fianna Fáil. Tá scéal an aiséirí seo fite fuaite le scéal na mban sin agus déantar cur síos ar an mbealach a ndearna de Valera feall orthu.

  1. TG4 (Eanáir 2025). "Newsletter | New Shows | Irish TV | Schedule" (ga-IE). TG4. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-11. Dáta rochtana: 2025-01-11.