Jump to content

David J. Burn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDavid J. Burn
Gníomhaíocht
Gairmtaighdeoir, néareolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Newscastle (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinncl.ac.uk… Cuir in eagar ar Wikidata

Is Uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe é an tOllamh David J. Burn (a rugadh i mí Lúnasa 1961), an 14ú hUachtarán ar an Ollscoil. Tháinig an tOllamh Burn i gcomharbacht ar an Ollamh Peter McHugh, a raibh an post aige ar bhonn eatramhach ó Mheán Fómhair 2024, nuair a d’éirigh an tUachtarán deireanach, Ciarán Ó hÓgartaigh, as an ról.[1]

An chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe

Is Ollamh le Néareolaíocht Neamhord Gluaiseachta agus Néareolaí Comhairleach Oinigh d’Iontaobhas NHS Ospidéil Newcastle upon Tyne é.

Bhí an tOllamh Burn, a bhí ina Leas-Seansailéir Ionaid Dhámh na nEolaíochtaí Leighis in Ollscoil Newcastle, le tosú ar a théarma i mí Mheán Fómhair 2025.

Bhí an tOllamh Burn ina Leas-Seansailéir Ionaid ar Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, Ollscoil Newcastle ó 2017 go 2025, áit a raibh sé i gceannas ar mhórthionscnaimh athruithe a bhain le hathstruchtúrú na foirne teagaisc; luas a chur faoi fheidhmíocht taighde; an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn; agus borradh a chur faoin idirnáisiúnú.

Is é an tUachtarán tofa ar an gCumann Idirnáisiúnta Parkinson agus Neamhord Gluaiseachta.[2]

In 2016/2017 chuir an Rialtas san am deireadh leis an dualgas reachtúil a bhí ar Ollscoil na Gaillimhe ón bhliain 1926 duine a mbeadh Gaeilge aige a cheapadh i bpost an Uachtaráin. Ba í Ollscoil na Gaillimhe an taon institiúid ardoideachais sa Stát a raibh coinníoll uirthi i leith na Gaeilge.

Is é Burn an chéad uachtarán ar an ollscoil le breis is 100 bliain nach bhfuil Gaeilge aige Bhí tiomantas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú leis an nGaeltacht luaite sa gcur síos ar phost an uachtaráin nuair a fógraíodh é in 2024/2025.[2]

Maíonn Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil stádas dátheangach na hollscoile ar cheann dá bpríomh thosaíochtaí agus go bhfuil "freagracht reachtúil i gceist le ról an Uachtaráin ceannasaíocht láidir a thabhairt chun go dtacófaí le gealltanas na hOllscoile maidir leis an teanga agus an cultúr araon a chur chun cinn." Ach deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil aon chosaint reachtúil anois ag an Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ó cuireadh deireadh leis an riachtanas i 2017.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. University of Galway (6 Lúnasa 2025). "Preasráiteas". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-08-07.[nasc briste go buan]
  2. 1 2 "Uachtarán nua ceaptha ar Ollscoil na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-06). Dáta rochtana: 2025-08-07.
  3. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2025-08-13). "Sinn Féin ag ceistiú cheapachán Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe" (as ga-IE).