David Deutsch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
David Deutsch.jpg

Fisicí teoiriciúil a rugadh ar 18 Deireadh Fómhair 1953 in Haifa Iosrael is ea David Deutsch. Ceannródaí sa ríomhaireacht chandamach atá ann.

Rugadh Deutsch in Haifa do Oskar agus Tikva Deutsch. D'aistrigh siad go Sasana agus d'fhreastail David ar an William Ellis School i Londain sula ndeachaigh sé go Clare College, Cambridge, chun eolaíocht nádúrtha a léamh. Ghlac sé Cuid III de na Mathematical Tripos. Chuaigh sé ansin go Wolfson College, Oxford lena dhochtúireacht san fhisic theoiriciúil a bhaint amach. Scríobh sé a théis faoi réimsetheoiric an chandaim i spás-am cuartha.