Jump to content

Dathanna Geala Amháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinDathanna Geala Amháin
Dathanna Geala Amháin Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarPauline Goldsmith Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus an Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Dráma dúghrinn is ea Dathanna Geala Amháin, suite i dteach faire. Dráma aonair is ea é atá lán le diabhlaíocht.[1] Pauline Goldsmith a scríobh an bundráma agus Séamas Mac Annaidh a chuir i nGaeilge é i gcomhar le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh.[2] D'éirigh an-mhaith leis an mbunleagan ag Féile Imill Dhún Éideann, agus chuaigh ar camchuairt ar feadh na mblianta ó Bhéal Feirste go dtí an Bhrasaíl.[3][4]

Tharraing Goldsmith ar chuimhní ar a hóige i mBéal Feirste agus ar nósanna tórramh na tíre chun "an nóta ceart a bhualadh idir an greann dorcha, an chumha agus an machnamh." Déanann sí ómós a thabhairt don ghreann, don athléimneacht, agus don chaoi go mbíonn daoine i mbarr a maitheasa agus iad i bpáirt lena chéile.[2][5][4]

Meastar nach bhfuil sé feiliúnach do ghasúir faoi aois an 14.[3]

Léiriúchán na Taibhdheirce (2025)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an Taibhdhearc Dathanna Geala Amháin ar an stáitse den chéad uair i nGaeilge mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe 2025 agus tugadh ar chamchuairt é. Tá fortheidil i mBéarla mar chuid den léiriúchán seo a chuireann ar chumas iad siúd nach bhfuil Gaeilge láidir acu an scéal a leanúint.[1][6] Cuireann an dearadh seit go mór leis.[4] Moladh an léiriúchán as a ghreann, a dhaonnacht, agus a ionchuimsitheacht.[6]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 "Dathanna Geala Amháin" (ga-IE ⁊ en-IE). Taibhdhearc (2025-05-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-08. Dáta rochtana: 2025-05-08.
  2. 1 2 "Fíbín’s life-affirming show on death for Arts Festival" (en-IE). An Curadh Connachtach - Galway City Tribune (2023-06-09). Dáta rochtana: 2025-05-08.
  3. 1 2 3 "CULTÚR: Féasta ceoil an Spidéil, Fréamhacha i bpictiúrlanna na tíre, agus Club Leabhar COGG". Tuairisc.ie (2025-05-01). Dáta rochtana: 2025-05-07.
  4. 1 2 3 4 Bridget Bhreathnach (2025-05-13). "Brídín Ní Mhaoldomhnaigh ar fheabhas i seó aonair sa Taibhdhearc". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-13.
  5. "Bright Colours Only a wickedly funny wake show — as Gaeilge" (en-IE). An Curadh Connachtach - Galway City Tribune (2025-04-25). Dáta rochtana: 2025-05-08.
  6. 1 2 The Reviews Hub- Ireland (2025-05-08). "Dathanna Geala Amháin - An Taibhdhearc, Galway" (en). The Reviews Hub. Dáta rochtana: 2025-05-13.