Darmstaidtiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachDarmstaidtiam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Darmstaidtiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachDs agus Uun
Uimhir adamhach110
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 10
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirGSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) Aistrigh
Fionnachtain9 Samhain 1994
EapainmDarmstadt

Is dúil cheimiceach shaorga é an darmstaidtiam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 110, agus is í an tsiombail a sheasann dó ná Ds. Ceann de na dúile trasachtanóideacha atá ann - is é sin, tá sé níos troime ná na hachtanóidigh féin. Dá réir sin, is dúil radaighníomhach é a dtagann meath air go sciobtha, agus níl teacht air sa dúlra. Dá réir sin, ní féidir meáchan adamhach a shocrú dó, agus úsáidtear maisuimhir an iseatóip is cobhsaí ina áit. Is é Ds-281 an t-iseatóp sin, agus é féin gan ach 12.7 soicind ar leathré.

Ba iad Sigurd Hofmann, Peter Armbruster agus Gottfried Münzenberg a ghin an chéad adamh darmstaidtiam san Institiúid um Thaighde ar na Tromiain in Darmstadt sa Ghearmáin sa bhliain 1994. Sa bhliain 2003 fuair an dúil an t-ainm atá uirthi inniu, agus ar ndóigh tá sé bunaithe ar ainm na cathrach úd ina ndearnadh fionnachtain na dúile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]