Dara téarma Donald Trump
Cineál | presidential term (en) ![]() ![]() | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 20 Eanáir 2025 - 20 Eanáir 2029 | ||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() | ||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() | ||
Cúis | Donald Trump 2024 presidential campaign (en) ![]() ![]() | ||
Is cúis le | No Kings protests ![]() | ||
Croineolaíocht | |||
20 Eanáir 2025 | Second inauguration of Donald Trump (en) ![]() ![]() | ||
Codanna | |||
![]() ![]() |
Insealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair ar an 20 Eanáir 2025; cuireadh é faoi mhionn mar an 47ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.[1][2]


Gealltanais agus orduithe i mí Eanáir0Feabhra 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]In óráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 20 Eanáir 2025, gheall Trump grian agus gealach.
- Mhaígh Trump go raibh éigeandáil náisiúnta fuinnimh ann agus thug le fios go rachfaí i muinín na mianadóireachta idir muir agus thír lena mhaolú; "drill, baby, drill" an mana a bhí aige ina óráid.[4]
- Deimhnigh Trump go raibh "éigeandáil daoine" ann – ar theorainn na Stát Aontaithe le Meicsiceo – agus dúirt go raibh rún aige "na milliúin agus na milliúin coimhthíoch coiriúil a sheoladh ar ais chuig na háiteanna as ar tháinig siad".
- Mhaígh sé go n-ísleodh sé na praghsanna ar earraí tomhaltais ach ag an am ceanna, go gcuirfeadh sé taraifí ar iompórtálacha.[5]
- Gheall sé ina óráid Canáil Phanama "a thógáil ar ais" agus ainm Mhurascaill Mheicsiceo a athrú go "Murascaill Mheiriceá". srl.[6]
- Níl i Meiriceá feasta ach dhá inscne, fir agus mná, a d’fhógair Trump.[4]
Ollorduithe ginearálta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shínigh Trump ollorduithe forghníomhaithe go leor ar an 20 Eanáir 2025:[7]
- Bhí cead tugtha ag Trump do chomhlachtaí taiscéalaíochta ola agus gás a bhaint as tailte fairsinge gan mhilleadh in Alasca. Chuir sé maoiniú $300 billiún i dtaca le tionchar ar an gcomhshaol ar ceal ar an toirt; cuireadh cosc ar infheistiú in infreastruchtúr "glas".[4][8]
- Tarraingíodh na Stáit Aontaithe amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte aige agus as Comhaontú Pháras maidir leis an Aeráid.
- Cuireadh cosc ar imircigh ó Mheicsiceo teacht isteach sna Stáit Aontaithe. Bhí éigeandáil gairthe ar an teorainn theas ionas gur féidir an t-arm a úsáid i gcoinne ‘ionradh’ inimirceach.[4][9][10]
- Tugadh pardún do mhórán gach duine (1,500) a ghlac páirt sa séirse a tugadh ar Theach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021.[9]
- Cuireadh deireadh leis na smachtbhannaí ar na coilínigh Ghiúdacha sa Phalaistín.
- Tugadh fógra scoir – nó tairiscint éirí as – d’oibrithe rialtais agus pacáiste iomarcaíochta tairgthe dóibh arb ionann é agus ocht mí tuarastail. Seo iarracht ag Trump an líon daoine atá fostaithe ag an rialtas láir a laghdú go sonrach agus cur le héifeachtacht na seirbhíse poiblí ar mhaithe leis an mana ‘Drain the Swamp’ a chur i gcrích.
- Athainmníodh Murascaill Mheicsiceo mar 'Mhurascaill Mheiriceá'.
- srl
Bhí an cur chuige bunaithe ar stíl bhainistíochta Elon Musk agus lorg a láimhe ar na hollorduithe. Bhí Ard-Aighní in go leor de na Stáit ag tabhairt dúshlán in aghaidh na n-orduithe agus an tuairim ann gur ag an gCúirt Uachtarach a bheadh an focal deiridh ar na ceisteanna áirithe sin.[11]
Amlíne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 4 Feabhra , mhol Donald Trump an pobal Palaistíneach a dhíbirt as Gaza go buan, agus. "Riviera an Mheánoirthir" a dhéanamh de. Mhínigh sé gur chóir do na Palaistínigh imeacht go tíortha eile, amhail an Éigipt agus an Iordáin, rud a diúltaíodh go láidir sna tíortha seo. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú.[12][13][14]
Bhí sé i gceist ag Trump deireadh a chur leis an áisíneacht stáit USAID a riarann cláracha daonchabhrach ar fud an domhain ar shon na Stát Aontaithe.[15]
Ar an 27 Feabhra 2025, d'eitil Andrew agus Tristan Tate go dtí Fort Lauderdale; chuir Rialtas Trump brú ar Rialtas na Rómáine chun na deartháireacha a ligeadh amach.[16] Ar an 28 Feabhra 2025, bhuail Trump le Uachtarán Zelensky na hÚcráine sa Teach Bán. Bhí argóint phoiblí acu os comhair tuairisceoirí. Bhuail an bheirt fhear lena chéile chun comhaontú a shíniú, faoina dtabharfar cearta do Mheiriceá sciar de shaibhreas mianach na hÚcráine a roinnt [17]
Tharraing Trump aird air féin lá i ndiaidh lae, agus chuir a smaointe aisteacha aird an phobail ar strae b'fhéidir. Mar shampla, thug sé le fios gur mhaith leis Ceanada, Panama agus an Ghraonlainn a ghabháil. "Sílim féin gur pósadh iontach a bheadh ann", a dúirt Trump le Mark Carney ar an 6 Bealtaine.[18]
Ar an 29 Aibreán, leis an chéad 100 lá caite in oifig aige, rinne Trump comóradh le slógadh i Michigan. Mhaígh sé go raibh infheistíocht mhór déanta sa gheilleagar, go raibh gearradh siar ar oibrithe feidearálacha, agus go raibh meas ar Mheiriceá arís ar fud an domhain. Dúirt an tUachtarán Trump gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh.[19]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "‘Cuirfear tús láithreach bonn le ré órga Mheiriceá’ – Donald Trump insealbhaithe mar uachtarán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-20). Dáta rochtana: 2025-01-21.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (5 Feabhra 2017). "‘Má dhéanann Trump an dara téarma beidh Conamara uilig sciúrtha agam dá bharr!’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-20.
- ↑ "Project 2025" (as en) (2025-01-20). Wikipedia.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 Alex Hijmans (22 Eanáir 2025). "‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ "Donald Trump le hinsealbú mar an 47ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-20). Dáta rochtana: 2025-01-21.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-20). "Donald Trump insealbhaithe mar Uachtarán na Stát Aontaithe" (as ga-IE).
- ↑ Meridith McGraw. "Trump’s First Day in Office: Signing Orders, Spinning Yarns, Settling Scores" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ Amanda Chu, Jamie Smyth (2025-01-22). "Donald Trump halts more than $300bn in US green infrastructure funding". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2025-01-21). "Pardún tugtha ag Trump don slua a ling an Caipeatól in 2021" (as ga-IE).
- ↑ "Trump’s Day 1 Executive Orders: Unconstitutional, Illegal, and Cruel" (en-US). NILC (2025-01-21). Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (31 Eanáir 2025). "Stáit Dheighilte Mheiriceá – Trump ag déanamh raic de réir a bhriathair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-05). "Trump ag moladh Palaistínigh a dhíbirt as Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-08.
- ↑ "Cáineadh déanta ar phlean Trump ‘Riviera an Mheánoirthir’ a dhéanamh de Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-05). Dáta rochtana: 2025-02-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-08). "Cúlghairm déanta ag Trump ar chead slándála Joe Biden" (as ga-IE).
- ↑ Jon Henley, Emine Sinmaz, Richard Luscombe (2025-02-27). "Andrew Tate and brother land in US from Romania after travel ban lifted" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-02-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-28). ""Níor chóir géilleadh don Rúis", a dúirt Zelensky le Trump inniu" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-06). ""Níl Ceanada ar díol agus ní bheidh choíche"" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-30). "Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig" (as ga-IE).