Dara Cogadh Balcánach
Jump to navigation
Jump to search
Lean an Dara Cogadh Balcánach ar aghaidh ó 29 Meitheamh 1913 go dtí 10 Lúnasa 1913. Níos lú ná mí amháin i ndiaidh do Chonradh Londan deireadh a chur leis an gCéad Chogadh Balcánach, thosaigh coimhlint idir an Bhulgáir agus comhfhórsaí na Seirbe, na Gréige agus Mhontainéagró.
Tháinig deireadh leis an gcoimhlint le treascairt fhórsaí na Bulgáire agus le síniú Chonradh Bhúcairist ar an 10 Lúnasa 1913[1].
Bhí clúdach láidir ón bpreas idirnáisiúnta ar na himeachtaí; 200-300 iriseoirí a bhí ann. Bhí an spéis sin tuar don am a bhí le teacht agus an Chéad Chogadh Domhanda an bhliain dar gcionn.

Saighdiúirí Seirbeacha i gKratovo, 7 Meitheamh 1913