Coloureds na hAfraice Theas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Daoine is ea iad na 'Coloureds na hAfraice Theas''[1], nó 'daoine daite' nó 'daoine de chine daite', san Afraic Theas a bhfuil sinsearacht chasta acu.[2][3] Shíolraíodar ó choilínigh a tháinig ón Ísiltír ag tús ré an choilínithe, ó na Khoisan (na bundúchasaigh i gcúige na Rinne), agus ó Afracaigh eile.

mapa dlúis

Is í an Afracáinis príomhtheanga na ndaoine daite. Tá an t-ainm ‘bruin mense’ (‘daoine donna’) in úsáid sa teanga sin.[2] Tuairim is cúig mhilliún coloureds atá san Afraic Theas.[4]

Tá an téarma ‘coloured’ in úsáid inniu ag rialtas ilchiníoch na hAfraice Theas, Bhí an téarma ‘coloured’ in úsáid nuair a bhí apartheid i réim, ach bhí sé in úsáid i bhfad roimh an ré sin agus tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ‘Cape coloureds’ uaireanta i mBéarla
  2. 2.0 2.1 2.2 Vincent Morley (02/10/2021). "Cúrsaí Staire: ‘Blue people’ agus ‘daoine de dhath’". Cúrsaí Staire. Dáta rochtana: 2022-01-11.
  3. Méabh Ní Thuathaláin (2021). "Glactha ag lucht an fhoclóra leis an téarma nua ‘Duine de dhath’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.
  4. statssa.gov.za (2011). "An daonáireamh. Tá tábla ann as an achoimre oifigiúil ar dhaonáireamh na bliana 2011.". Dáta rochtana: 2022.