Jump to content

Domhnall Mac Síthigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Danny Sheehy)
Infotaula de personaDomhnall Mac Síthigh
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1951
Baile Eaglaise, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Meitheamh 2017
66 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Eachtraí, feirmeoir, craoltóir, file agus scríbhneoir as Baile Eaglaise, Baile an Fheirtéaraigh, ba ea Domhnall Mac Síthigh[1]Danny Sheehy (21 Márta 1951 - 9 Meitheamh 2017).[2] Bhí aithne mhór ar Dhomhnall Mac Síthigh mar dhuine de shárúdair Chorca Dhuibhne, mar shaor bád oilte agus mar shaineolaí ar stair, ar bhéaloideas, ar theanga agus ar chultúr a cheantair dhúchais.[3]

Scríobh a athair (Dónal nó Domhnall Mac an tSíthigh) leabhar, An baile i bhfad siar (Coiscéim 2000), cuntas ar a shinsir.[4]

Ba i Scoil na mBráithre sa Daingean a chríochnaigh Danny a chuid meánscolaíochta. Chaith sé ansin trí bliana i gColáiste Tráchtála Chorcaí, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir sna hábhair adhmadóireacht oideachasúil agus líníocht mheicniúil. D'éirigh sé as an múinteoireacht ar fad in 1981 agus d’fhill ar an bhfeirm bheag a bhí aige i mBaile Eaglaise.

D’fhéadfaí a rá gurb í an oidhreacht is mó atá fágtha ina dhiaidh ag Danny ná gur thug sé saolré eile don naomhóg, mar bhád fionnachtana agus mar bhád taistil, trína iomramha ar chósta na hÉireann is na hAlban, síos isteach thar lear go Santiago de Compostela (Camino na Sáile in 2016[5]).[6]

  • 1975. Thug Danny agus Ger Ó Cíobháin as na Gorta Dubha faoi thuras rámhaíochta timpeall na hÉireann don chéad uair i naomhóg, aistear 1,800 míle a thóg os cionn seacht seachtaine orthu.
  • 1986. Bhí Mac Síthigh ar dhuine de chriú an St. Patrick nuair a thrasnaigh sí an tAtlantach, sular sheoladar suas an Hudson mar chuid de chomóradh Lá na Saoirse ar an 4 Iúil.
  • Rinne Danny agus Paddy Barry turais seoltóireachta timpeall na hAlban freisin.
  • 1981. Bhain Danny agus Paddy Barry Santander amach, i dtuaisceart na Spáinne.
  • 2003. Chuaigh Danny agus Paddy Barry chomh fada leis an Meánmhuir gur thugadar cuairt ar an ardeaglais in Otranto i ndeisceart na hIodáile mar a bhfuil Naomh Bréanainn i gcurach le feiceáil i mósáic urláir.
  • 2011. sheol Danny ar luamh de chuid Barry, Ar Seachrán, as an Daingean chun na hÍoslainne, faoin turas a rinne na manaigh fadó.[7][8]

srl

Ní taobh le haon bhua amháin a bhí Domhnall: file, scríbhneoir, feirmeoir, múinteoir, iascaire, saor cloiche agus fear déanta naomhóg ab ea é freisin. Thugadh sé tamaill freisin ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag tabhairt léachtaí agus siúlóidí treoraithe do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.[10]

Ba mhinic a bhí Mac an tSíthigh le cloisteáil ar chláir ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4, chomh maith le stáisiúin eile, ag caint ar a chuid eachtraíochta ar muir is ar tír, ar bhéaloideas is ar sheanchas áitiúil agus ag déanamh léirmheastóireachta ar leabhair nuafhoilsithe. Aithníodh Mac an tSíthigh ar dhuine de na cainteoirí ba bhreátha i gCorca Dhuibhne, agus in Éirinn féin, agus bhí saineolas aige ar chaint a mhuintire in iarthar Duibhneach.[11]

Phós Danny Máire Ní Ghráda as Baile Átha Cliath. Triúr clainne a bhí orthu: Cormac, Roisín agus Orla.

Ghnóthaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais scéalaíochta, dreas cainte agus sa bhfilíocht. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dioplóma sna Dána (Léann an Traidisiúin) le céadonóracha air in 2009.

Bás agus oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh Mac an tSíthigh gan choinne nuair a d’iompaigh tonn an naomhóg a raibh sé inti béal fúithi i mbéal na habhann Minho (Vigo) ar theorainn na Portaingéile leis an Spáinn ar an 9 Meitheamh 2017.[12] Bhuail taom croí é i ndiaidh an eachtra farraige, mar ar iompaigh an naomhóg, an Naomh Gobnait, nó Naomhóg na Tinte, béal fúithi (cuid de Iomramh an Chamino 2017). Bhain an ceathrar a bhí ar bord na naomhóige an cladach amach ach gur éirigh Domhnall Mac Síthigh tinn agus go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin.[13] [14]

Tá glór an scríbhneora Domhnall Mac an tSíthigh ar cheann de na glórtha is féidir a roghnú ar an suíomh Abair.ie agus caint i nGaeilge á sintéisiú.[15] Bhí a dhóthain ábhair cainte taifeadta aige i gcaitheamh na mblianta le go bhféadfaí sintéiseoir cainte a chruthú a bheadh an-chosúil lena ghlór féin.

Ba gheall le sruth dá chuid filíochta aon chur síos a dhéanadh Danny ar chósta a cheantair dúchais mar is léir ó cheann den iliomad píosaí cainte a rinne sé le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta.[10]

  • Fan Inti: Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle (Coiscéime 2003/2004), faoi gheimhreadh a chaith sé ag tógáil naomhóige sa Grainstore i gCábán tSíle i mBaile Átha Cliath agus é ag cur oiliúna ar ghrúpa a bhí ag freastal ar an áis ealaíne don óige atá ansiúd.
  • Allagar na gCloch/Stonechat (Púca Press, An Daingean 2006) seanchas, scéalaíocht agus dianmhachnamh ar bhalla cloiche ar Shliabh an Iolair i gCorca Dhuibhne
  • Súil Seilge (Coiscéim 2007) filíocht, le dlúthdhiosca ; léigh Danny a chuid ábhair le tionlacan ceoil ó Bhreandán Ó Beaglaoich agus ó Chaoimhín Ó Raghallaigh.
  • Mil na ceardlainne (An Sagart 2008) agus Pádraig Ó Fiannachta mar eagarthóir.
  • Criathar meala (An Sagart 2009) agus Pádraig Ó Fiannachta mar eagarthóir.
  • Mil ina slaoda (An Sagart 2011) agus Pádraig Ó Fiannachta mar eagarthóir.
  • Sligiríní (Púca Press. An Daingean, 2013), aistí a scríobh Domhnall don chlár raidió Living word (RTÉ).[16]
  • Iomramh Bhréanainn MMXI (An Sagart, 2013/2014) a bhain leis an turas chun na hÍoslainne. Foilsíodh aistriúchán Béarla le Camilla Dinkel, In the wake of Saint Brendan (2017).[8][7]
  • Sranntarnach / Snoring (Ponc Press, An Daingean 2016) ; rinne Domhnal Ó Bric na léaráidí.[17]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó uaireanta Domhnall Mac an tSíthigh nó fiú Danny an tSíthigh
  2. Lorna Siggins. "Poet Domhnall Mac Síthigh dies after boat capsizes off Spain" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  3. "Laochra ar lár – na Gaeil mhóra a d’imigh ar shlí na fírinne in 2017" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-12-21). Dáta rochtana: 2025-11-12.
  4. "An Baile i bhFad Siar | Litríocht" (en-US). Dáta rochtana: 2025-11-12.
  5. Ar an gclár Camino an tSáile, a craoladh ar TG4 in 2017, tugadh cuntas ar an dtrí bhiaiste samhraidh as a chéile a thug Danny agus criú an Naomh Gobnait i mbun ‘Camino na Sáile’ ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostella sa Spáinn in 2016.
  6. Daithí De Mórdha (15 Meitheamh 2017). "ÓMÓS: Danny an tSíthigh – rí na farraige, na scéalta agus na naomhóige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  7. 7.0 7.1 "Iomramh Bhréanainn – Ón nDaingean go hÍoslainn" (ga-IE). An Siopa Leabhar. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  8. 8.0 8.1 RnaG (2013-09-13). "An Saol ó Dheas Dé hAoine 13 Meán Fómhair 2013" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  9. "Danny Sheehy" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  10. 10.0 10.1 ainm.ie. "MAC SÍTHIGH, Domhnall (1951–2017)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  11. Maitiú Ó Coimín (2022-11-02). "Glór Dhomhnaill Mhic an tSíthigh a bheidh ina ‘Siri na Gaeilge’" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  12. Raidió na Gaeltachta (2022-07-14). "Cleamhnas an cheoil" (as ga-IE). 
  13. "Corca Dhuibhne faoi scamall bróin agus Domhnall Mac Síthigh, scríbhneoir agus fear farraige, imithe ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-06-10). Dáta rochtana: 2025-11-12.
  14. Tugadh an triúr eile a bhí sa naomhóg thraidisiúnta de dhéanamh Chorca Dhuibhne – an ceoltóir Breandán Ó Beaglaoich, Liam Ó Maonlaí, príomhamhránaí The Hothouse Flowers agus Pádraig Ó Duinnín – go dtí an ospidéal i ndiaidh na heachtra, ach níor gortaíodh go dona iad.
  15. "Glór an scríbhneora Domhnall Mac an tSíthigh ar Abair.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-01). Dáta rochtana: 2025-11-12.
  16. kerrylibrary.ie (2014). "Kerry publications 2014". Dáta rochtana: 2025.
  17. kerrylibrary.ie (2016). "Kerry publications 2016". Dáta rochtana: 2025.