Jump to content

Dafydd ab Owain Gwynedd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDafydd ab Owain Gwynedd

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(cy) Dafydd ap Owain Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 haois
Tiarnas Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1203 (Féilire Ghréagóra)

Ríocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileEmma d'Anjou (1175 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairOwain Gwynedd  agus Cristin ferch Goronwy
SiblínAngharad ferch Owain Gwynedd, Rhodri ab Owain Gwynedd, Madoc ab Owain Gwynedd, Maelgwn ab Owain Gwynedd, Hywel ab Owain Gwynedd, Iorwerth Drwyndwn, Cynan ab Owain Gwynedd, Iefan ab Owain Gwynedd agus Rhun ab Owain Gwynedd

Bhí Dafydd ab Owain Gwynedd (a fuair bás 1203 ) ina rí ar Gwynedd nó codanna den ríocht idir 1170 agus 1195. Ar feadh tamaill tháinig sé i réim i gcomhpháirt lena dheartháireacha Maelgwn ab Owain Gwynedd agus Rhodri ab Owain Gwynedd.

Stair a shaoil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhac le Owain Gwynedd é Dafydd agus a bhean chéile Cristin ferch Gronw . Toisc gurbh é Cristin col ceathrar Owain, níor ghlac an eaglais leis an bpósadh, ahus a mheas go raibh Dafydd neamhdhlisteanach. Cloistear trácht air den chéad uair sa bhliain 1157 nuair a rinne Anraí II, rí Shasana, ionsaí ar Gwynedd. Bhí Dafydd i láthair ag an gcoimheascar i gcoill Penarlâg nuair is beag nár maraíodh Anraí . Sa bhliain 1165 bhí sé socraithe síos i nDyffryn Clwyd agus tá taifead ann go ndearna sé ionsaí ar Tegeingl .

Nuair a fuair Owain bás sa bhliain 1170, bhí sé ina streachailt idir a mhic ar son na ríochta. D'ionsaigh Dafydd agus Rhodri a ndeartháir Hywel ab Owain Gwynedd, agus chuir siad ar a theitheadh go hÉirinn é. Maraíodh deartháireacha eile, Iorwerth Drwyndwn agus Cynan ab Owain Gwynedd, sa bhliain 1174, ag baint beirt iomaitheoir eile don ríchathaoir. An bhliain chéanna ghabh agus chuir Dafydd a dheartháireacha Maelgwn (a bhí tar éis filleadh ó Éirinn) agus Rhodr i bpríosún. An bhliain sin freisin phós sé Emme d'Anjou, iníon Geoffrey d'Anjou agus leathdheirfiúr leis an rí Anraí.

Sa bhliain 1175 d’éirigh le Rhodri éalú ón bpríosún agus d'ionsaigh sé a dheartháir. Chaill Dafydd Gwynedd go léir siar ó Abhainn Conwy. Sa bhliain 1177 thug Anraí II tiarnais Ellesmere agus Hales dó. Thóg sé caisleán i Rhuddlan agus tá taifead ann gur fhan Giraldus Cambrensis oíche ann ar a thuras tríd an mBreatain Bheag.

Sa bhliain 1194, bhí bagairt eile roimh Dafydd, eadhon a nia Llywelyn ap Iorwerth, a d’éirigh leis é a ruaigeadh i gcath in Aberconwy le cabhair ó mhic Cynan ab Owain Gwynedd. Sa bhliain 1197, d’éirigh le Llywelyn Dafydd a ghabháil agus a chur i bpríosún. Scaoileadh saor é an bhliain dár gcionn ar iarratas Hubert Walter, Ardeaspag Cambridge, agus chuaigh sé chun cónaí ina chuid mainéar i Sasana. Fuair sé bás ansin i mBealtaine 1203.

Naomhphátrún na bhfilí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá dhán ann do Dafydd ab Owain Gwynedd ón bhfile-laoch. Cé nach féidir sin a chruthú, is féidir gur ball de lucht leanúna an phrionsa a bhí i Gwilym; fuair sé bás sa chath.

  • Beathaisnéis na Breataine Bige suas go dtí 1940 (Cumann Oinigh an Chymrodorion)