Jump to content

Dúnmharú Sheáin Brown

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Sheáin Brown

Ar an 19 Bealtaine 1997, mharaigh dílseoirí Seán Brown, 61 bliain d'aois, cathaoirleach Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Eachaidh i gContae Dhoire. Lámhaigh agus mharaigh an LVF é i mBaile Raghnaill, Co Aontroma, go gairid ina dhiaidh sin. Níor cúisíodh éinne riamh agus bhí fiosrú na bpóilíní lochtach. Bhí amhras ar an teaghlach go raibh gníomhairí stáit claonpháirteach sa bhfuadach agus sa marú.[1]

D'fhuadaigh dílseoirí ón LVF Brown taobh amuigh de chlubtheach CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh i gCo Dhoire, ceantar beag tuaithe i nDeisceart Dhoire. Rinne comhaltaí d’Óglaigh na nDílseoirí (Loyalist Volunteer Force) luíochán roimh Brown ag 11:25pm nuair a bhí geataí na páirce traenála á gcur faoi ghlas aige. Fuadaíodh é, buaileadh é agus caitheadh sa chloigeann sé huaire é. Fuarthas é in aice lena charr a bhí trí thine an mhaidin dár gcionn i mBaile Raghnaill, Co. Aontroma. Theith déantóirí na coire ón láthair, dream a raibh slad uafásach déanta acu a d’fhágfadh a lorg ar an bpobal sin go ceann deicheanna de bhlianta ina dhiaidh sin.

Bhí ardmheas ar Brown agus bhain an gníomh brúidiúil foréigin preab as an bpobal ar fad. Bhain bás Browncorraí as gach cumann CLG in Éirinn. Bhí a sheanchara, Seamus Heaney, croíbhriste. Nuair a chuala sé an scéal, sheol sé facs chuig an Irish News chun dea-thoil agus macántacht Brown a dhéanamh soiléir. Bliain roimhe sin, roinn Heaney an stáitse le Brown ag imeacht trasphobail a bhí eagraithe ag Brown sa chumann chun duais Nobel an fhile a cheiliúradh.[2]

Laistigh de dhá lá ó dhúnmharú Seán Brown, dúirt Constáblacht Ríoga Uladh go raibh Óglaigh na nDílseoirí freagrach as an dúnmharú. Creideann náisiúnaithe go raibh póilíní an RUC bainteach leis an marú agus nár fiosraíodh é i gceart dá bharr sin. Sceith bhéil is ea é as claonpháirtíocht agus as faillí san dualgas fiosrú éifeachtach a dhéanamh.

In 2004 cháin Ombudsman na bPóilíní fiosrú lochtach, easnamhach an RUC agus rinne an Fhoireann Fiosrúchán Stairiúil [HET], foireann atá scortha anois, an rud céanna. Bhí feachtas fada ag an teaghlach sa tóir ar fhreagraí.[3][4]

In 2022 fógraíodh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go raibh Bridie, baintreach Shean Brown, agus an PSNI tagtha ar réiteach sa chás a thóg sí ag cur mí-iompar in oifig phoiblí agus faillí ina dhualgas i leith an Phríomh-Chonstábla. Ghabh an PSNI leithscéal agus d’aontaigh socraíocht nár foilsíodh.

In 2024 chinn an Cróinéir, an Breitheamh Kinney, nárbh fhéidir leanúint le hionchoisne toisc lear mór faisnéise de chuid an stáit a bheith á ceilt, ar bhonn na slándála náisiúnta, ar an bpróiseas.[5]

Tháinig sé chun solais níos déanaí sa bhliain 2024 go raibh cúigear is fiche bainteach leis an marú, gníomhairí stáit ina measc. Rialaigh breitheamh nárbh fhéidir ionchoisne a thabhairt chun críche toisc go raibh faisnéis riachtanach á ceilt chun slándáil an stáit a chosaint. D’ordaigh an breitheamh gur fiosrú poiblí oifigiúil an t-aon phróiseas a mbeadh sé ar a chumas déileáil leis an gcás.[6]

Dhiúltaigh an Státrúnaí Hilary Benn fiosrú poiblí. Dúirt sé le Bridie Brown, baintreach an fhir mhairbh, a dhul i muinín an Choimisiúin a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an ICRIR. Ní raibh iontaoibh ag an teaghlach as an gCoimisiún agus chuaigh siad ar ais chun cúirte.

I mí na Nollag 2024 rialaigh an Ardchúirt go raibh dlíthe chearta an duine á sárú ag an rialtas agus d’ordaigh fiosrú poiblí. Oíche chinn bhliana d’fhógair Oifig Thuaisceart Éireann go raibh achomharc á dhéanamh ag an Státrúnaí Hilary Benn in aghaidh an bhreithiúnais. Mhaígh siad go raibh ábhair thromchúiseacha, ceisteanna bunreachtúla ina measc, ag eascairt ón rialú.

Ar an 8 Aibreán 2025, dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer in Westminster go raibh a rialtas ag déanamh a marana ar rialú a rinne an Chúirt i mBéal Feirste maidir le fiosrúchán poiblí.[7]

Ar an 1 Bealtaine 2025, d'fhógair Londain go raibh siad le ghabháil ag an gCúirt Uachtarach le ordú a thug an Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste gan mhoill a chur ar neamhní. Bhí muintir Brown cáinteach freisin nár chuir Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann ar an eolas iad agus gur ar an nuacht a fuair bean chéile Sheáin, Bridie, amach faoi.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Murder of a GAA Chairman (Clár RTE, 2024)
  1. Póilín Ní Chiaráin (14 Aibreán 2024). "Tús áite tugtha do ghníomhairí stáit ar an bhfírinne faoi dhúnmharú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-08.
  2. RTÉ (2024-04-19). "Léargas tugtha sa chlár faisnéise Murder of a GAA Chairman ar na ceisteanna nár freagraíodh a bhí ag teaghlach Sean Brown agus an dáta a achtófar Acht Oidhreachta na dTrioblóidí ag teannadh linn" (ga-IE). About RTÉ. Dáta rochtana: 2025-04-08.
  3. Póilín Ní Chiaráin (15 Bealtaine 2022). "Oidhreacht na dTrioblóidí – ráiteas nár shásaigh éinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-08.
  4. Staff Reporter (2023-10-16). "‘Incomprehensible’ Irish Government has not provided Brown documents – coroner" (en). www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2025-04-08.
  5. Póilín Ní Chiaráin (6 Márta 2024). "Stop curtha le hionchoisne Sheán Brown ag rúndacht faoi ghníomhairí Stáit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-08.
  6. Póilín Ní Chiaráin Dé Céadaoin, (8 Eanáir 2025). "Muintir Sheán Brown ag dul chun cúirte ag éileamh an chirt don 57ú huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-08.
  7. Nuacht RTÉ (2025-04-08). "Dúnmharú Sheáin Brown: 'an Bhreatain ag breathnú ar rialú cúirte'" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2025-05-01). "Díomá ar mhuintir Sheán Brown faoi achomharc Rialtas na Breataine" (as ga-IE).