Jump to content

Dúnmharú Patrick McVeigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDúnmharú Patrick McVeigh
Beathaisnéis
BreithBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Bealtaine 1972

Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású (Tráma balaistíoch)
Gníomhaíocht
Ball de
1949: Éigeandáil Mhalaech; an straitéis frithcheannairce chéanna curtha i bhfeidhm i dtíortha eile

Ar an 13 Bealtaine 1972, lámhachadh agus maraíodh Patrick McVeigh, 44 bliain d'aois, fear Caitliceach (agus athair seisear clainne), agus gortaíodh ceathrar eile. Bhí siad ag comhrá le chéile ar an tsráid i gceantar Bhaile Andarsan in iarthar Bhéal Feiste.[1]

Scaoileadh leo ó gluaisteán a bhíothas a thiomáint tríd an gceantar ag an am. Bhí na saighdiuirí ón Military Reaction Force (MRF) sa charr nuair a scaoileadh leo.[2]

Bunaíodh an MRF i 1971 le hionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh ar Chaitlicigh le súil an bonn a bhaint de thacaíocht an phobail náisiúnaigh don IRA. Cuid de straitéis frithcheannairce na Breataine a bhí ann ar cuireadh barr feabhais air roimhe sin sa Mhalae, sa Chéinia agus i dtíortha eile, agus atá luaite leis an nGinearál Frank Kitson go háirithe.[2]

Rud atá íorónta, bhí seal caite ag Patrick McVeigh é féin in Arm na Breataine.

Chuir póilíní an Tuaiscirt tús le fiosrúchán nua faoi na hionsaithe lámhaigh i bhfianaise ar tháinig chun solais i gclár faisnéise an BBC sa bhliain 2013.[3]

In 2024, is fearr déanach ná riamh, bhí sé fógartha ag an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart go raibh iarshaighdiúir in Arm na Breataine le cúiseamh i bhfear Caitliceach a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh ceathrar eile a dhúnmharú i mBéal Feirste i 1972.

"Saighdiúir F" atáthar a thabhairt ar an bhfear atá le cúiseamh ina dhúnmharú (ní hé an 'Saighdiúir F' céanna é atá cúisithe i ndúnmharú i nDoire Domhnach na Fola). Ní hionann é agus an Saighdiúir F atá le cur ar a thriail faoi bheirt a dhúnmharú i nDoire Domhnach na Fola. Bhí Saighdiúir F,chomh maith le triúr eile dá ngairtear Saighdiúirí B, C agus D, le cúiseamh i mbeirt Chaitliceach eile a lámhach agus in iarracht a dhéanamh iad a dhúnmharú an lá sular dúnmharaíodh Patrick McVeigh.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Nuacht RTÉ (2024-02-08). "Saighdiúir F eile le cúiseamh i ndúnmharú i mBéal Feirste" (as ga).
  2. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-03-19). "Dúnmharú Patrick McVeigh: tús le héisteacht i dtriail saighdiúra" (as ga).
  3. "Police urged to probe MRF claims" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2013-11-22). Dáta rochtana: 2024-02-11.