Jump to content

Dúnmharú Marian Beattie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Marian Beattie
Cineáldúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana31 Márta 1973 Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Dúnmharaíodh Marian Beattie ar an 31 Márta 1973, girseach 18 bliain d’aois ag an am, dúnmharaithe i ndiaidh rince i gcontae Thír Eoghain. Ní bhfuair muintir Marian Beattie ach scáil fiosraithe ón CRU Cé gur athoscail an SPTÉ an cás sna 2010idí, ní dhearna siadsan aon dul chun cinn.[1]

Gharbh Achaidh i bPort an Dúnáin

Ba as ceantar Gharbh Achaidh i bPort an Dúnáin Marian Beattie. Chuaigh sí ag an rince in Achadh na Cloiche lena deartháir a bhain le banna ceoil na hoíche agus lena cara Nuala. D’fhág sí an damhsa le fear óg timpeall a haon a chlog ach dúirt sí lena deartháir go mbeadh sí ar ais faoin 2.00 le dhul abhaile leis.

Frítheadh a corp i gcairéal sa gcomharsanacht ar a sé ar maidin. Buaileadh go dona í agus stracadh baill éadaigh dí.[1]

Bhí an dúnmharú ar cheann de na cásanna a scrúdaigh ‘Marú inar Measc’, sraith cláracha ar TG4.[2][3] Sa chlár sin dúirt a deartháir gur labhair sé leis an bhfear ar fhág Marian an damhsa ina fhochair; chonaic a cara é freisin. Thugadar beirt cur síos air don CRU ach dúradar nach raibh an pictiúr a eisíodh cosúil leis in aon chor.[1]

Chaill an teaghlach muinín sa bhfiosrú agus údar maith acu de réir na tuairisce in 2022 ón Ombudsman na bPóilíní.[4] Bhí 13 amhrastach ag an CRU. Níor ceistíodh gach duine acu. Iarphóilíní ab ea beirt, bhí baint ag triúr le paraimíleataigh ach níor fiosraíodh leidí maidir leo. Ní raibh an tOmbudsman na bPóilíní in ann a fháil amach an raibh baint ag a gcúlra le siléig na bpóilíní. Níor seiceáladh ailibithe agus níor scrúdaíodh neamhréir idir cuntais roinnt amhrastach agus fianaise fhóiréinseach.

Ní bhfuair foireann an Ombudsman in 2022 fianaise mí-iompair ná coiriúlachta in aghaidh na mbleachtairí ach chinn siad gur ligeadh an teaghlach síos. Ní raibh cuntas ar theagmháil idir na póilíní agus muintir Beattie ach ocht n-uaire i gcaitheamh breis is caoga bliain. Bhí bearnaí sna comhaid áfach. Dúirt príomhfheidhmeannach oifig an Ombudsman na bPóilíní Hugh Hume gur rinneadh tástáil fhóiréinseach ar éadaí, bróg agus ábhar eile ón láthair i 1973 ach go bhfuil an fhianaise sin ar fad ar iarraidh; dá mbeadh fáil ar an ábhar sin inniu, le teicneolaíocht na linne seo bheadh seans maith an té a bhí ciontach a aithint. Ina theannta sin níl fáil ar cháipéisí – nótaí na mbleachtairí, ráitis ó fhinnéithe agus amhrastaigh ná ceistneoirí a líon 419 a bhí ag an damhsa.[1]

Athbhreithniú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol tuairisc ón Ombudsman in 2025 go ndeinfí athbhreithniú neamhspleách ar an gcás. Tá súil gur chun tairbhe mhuintir Beattie a bheidh athbhreithniú ar chás Marian, breith ar an té atá ciontach fiú. Tá súil freisin go bhféadfadh dianscrúdú ar an bhfaillí chruthanta sin moltaí a dhéanamh chun modhanna fiosraithe faoi fhoréigean in aghaidh na mban a fheabhsú.[1]

Bhí 1973 ar cheann de na blianta a b’fhuiltí le linn na dTrioblóidí agus bhí póilíní faoi dhianbhrú. Cuireadh é sin san áireamh nuair a bhí foireann an Ombudsman i mbun imscrúdaithe. Mar sin féin ní mór athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcás dar leis an Ombudsman na bPóilíní. D’fháiltigh an teaghlach roimh an moladh ach dúirt gur de bharr an fheachtais a rith siad féin le ceathrú céid atá an méid seo bainte amach.

Níor cheart go mbeadh orthu é sin a dhéanamh ach ní cor eisceachtúil é i dTuaisceart Éireann. Tá ceachtanna le foghlaim, faoi cheartas do gach éinne. Dúirt Hugh Hume go raibh ceachtanna le foghlaim faoi conas a láimhseálann póilíní marú ban, coir atá an-choitianta i dTuaisceart Éireann.

Liosta le háireamh iad na heasnaimh a bhí ar an bhfiosrú dar le Ombudsman na bPóilíní. Cén t-iontas nár cúisíodh aon duine i bhfianaise na lochtanna ar fhiosrú an RUC.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Póilín Ní Chiaráin (29 Meitheamh 2025). "Géarghá le hathbhreithniú ar dhúnmharú Marian Beattie i 1973" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-29.
  2. "Ar TG4 an tseachtain seo: Marú Inár Measc: Marian Beatt;e" (en-GB) (2025-02-16). Dáta rochtana: 2025-06-29.
  3. Seo an cúigiú sraith de Marú Inár Measc ar TG4 agus chomh maith leis an tsraith teilifíse, tá podchraoladh ar fáil den ainm céanna ó Midas Productions agus TG4 agus á chur i láthair ag Sorcha Nic Eochagáin, léiritheoir na sraithe. Fiosraítear ann an tionchar a bhí ag gach aon chás ar an tsochaí.
  4. "Police Ombudsman for Northern Ireland" (as en) (2025-03-20). Wikipedia.