Dúnmharú Maria Louisa Kirwan
| Cineál | duine | ||
|---|---|---|---|
Tharla Dúnmharú Maria Louisa Kirwan ar an 6 Meán Fómhair 1852 ar Inis Mac Neasáin. Péintéir agus dúnmharfóir as Baile Átha Cliath ba ea William Bourke Kirwan (c. 1814–1880?).[1][2] Mharaigh sé a bhean, Sara[3] Maria Louisa Kirwan née Crowe. Dúnmharú réamhbheartaithe a bhí ann, a tharraing scannal ollmhór ag an am.[4]



Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Bourke Kirwan i dteaghlach ealaíontóirí i mBaile Átha Cliath. Ealaíontóir a bhí ann féin; d'fhoghlaim sé a cheird faoi Richard Downes Bowyer. Thaispeáin Bourke Kirwan a shaothar san Acadamh Ríoga Éireannach sna 1830idí agus 1840idí. Ní cosúil go raibh mórán ratha ar na hiarrachtaí sin agus d'oibrigh sé níos déanaí mar ghreabhadóir, glanadóir pictiúr, agus línítheoir anatamaíochta.
Tragóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé de nós ag Wiliam Bourke Kirwan (ball de Eaglais na hÉireann)[5] sceitsí den tírdhreach a tharraingt, fad is a bhí Maria (Caitliceach), ar dúradh fúithi ag an am go raibh “cuma fhíorálainn uirthi”, ag snámh san fharraige agus ag baint taitneamh as aer na mara. Dé Luain an 6 Meán Fómhair 1852 d’íoc siad an t-iascaire Patrick Nagle chun iad a thabhairt amach ar an mbád ag a deich a chlog ar maidin. Dúirt siad leis iad a bhailiú san iarnóin. Lá socair a bhí ann, bhí an spéir glan, agus chuaigh an lánúin isteach go cnoic an oileáin.
Nuair a tháinig bád Nagle i dtír arís ag ocht a chlog bhí sé ina oíche. Ghlaoigh na hiascairí amach ón mbád chun aird Kirwan a fháil, agus fuair siad freagra ón gcladach. Ach bhí sé ina aonar. Cuireadh ceist air faoina bhean chéile, agus dúirt sé “gur chaill muid a chéile nuair a thit cith fearthainne, agus tá mé á cuardach ó shin”.
Fuair na fir laindéir agus scaip siad amach fud fad an oileáin sa tóir ar Maria. In aice camais ar a nglaoitear an Poll Fada, tháinig siad ar chorp Maria i measc na gcarraigeacha. Bhí a éadaí snámha fós uirthi agus a éadaí fillte i ngaireacht di. Dúirt duine amháin go raibh “an chuma air go raibh William trína chéile”, agus é ag caoineadh in aice le corp a mhná.
Rinne mac léinn leighis, James Alexander Hamilton, scrúdú ar chorp Maria an lá dár gcionn. Chonaic sé scríoba ar an gcorp, a tharla, dár leis, “de bharr na gcarraigeacha”. Chinn sé gur bádh Maria de thimpiste. D’aontaigh iniúchadh oifigiúil le tuairim an mhic léinn. Measadh ar dtús gur tragóid bhrónach a bhí ann.[2]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh ráflaí ag scaipeadh thart ar Bhinn Éadair. D’áitigh roinnt finnéithe ar an mórthír gur chuala siad “screadanna cráite a bhrisfeadh do chroí”, screadanna “a chloisfeá ó dhuine a bhí i mbaol báis de bharr an fhoréigin”.
Nuair a rinne na póilíní saol Kirwan a chíoradh, tháinig sé chun solais go raibh neart á cheilt aige. Bhí dhá shaol aige. Bhí teach eile aige ar Shráid Dorset, agus bean eile darbh ainm Theresa Kenny ina chónaí ann leis. Chreid Kenny, a raibh roinnt páistí aice le Kirwan, gurbh ise a bhean chéile. Bhí Maria tar éis bualadh le Theresa roinnt míonna roimhe sin agus scrios an chonspóid eatarthu saol síochánta Kirwan.[2]
Cás cúirte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dí-adhlacadh corp Maria i Reilig Ghlas Naíon i mí Dheireadh Fómhair, agus rinneadh scrúdú iarbháis uirthi don dara huair. Go luath ina dhiaidh sin gabhadh Kirwan as dúnmharú Maria. Bhí an chúirt lán go béal nuair a tugadh ós comhar na cúirte é i mí na Nollag. Dúirt tuairisceoirí ag an am go raibh an chúirt “plódaithe agus ag cur thar maoil” le daoine agus fonn orthu éisteacht leis an scannal. Chosain Isaac Butt, duine de na habhcóidí ba mhó le rá sa tír agus ceannaire ar an ngluaiseacht rialtais dúchais ar ball, Kirwan sa chúirt.
Bhraith an cás go mór ar an gcúinse. D’áitigh finnéithe go raibh cosa Kirwan fliuch an oíche úd, go raibh cána claímh á iompar aige, agus gur chualathas screadanna trasna an chalafoirt. Thug an bhantiarna talún a lig teach ar cíos do mhuintir Kirwan fianaise gur chuala sí achrann agus troid ann go minic. D’áitigh an t-ionchúiseamh gur bháigh nó thacht William a bhean chéile. Dúirt an chosaint gur bhuail taom titimis Maria agus í ag snámh. Tháinig na tuairimí leighis salach ar a chéile, agus rinneadh cúrsaí níos deacra dóibh de bharr gur shil uisce isteach in uaigh Maria i nGlas Naíon, rud a scrios an fhianaise.[2]
Pianbhreith
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh roinnt laethanta d’ionramháil d’aontaigh an giúiré go raibh Kirwan ciontach. Ghearr an breitheamh Philip Crampton pianbhreith an bháis air. Lig na sluaite liú uathu nuair a fógraíodh an bhreith. Ach i gcaitheamh na seachtainí ina dhiaidh sin líonadh colúin na nuachtán le litreacha ag éileamh trócaire do Kirwan. Tosaíodh feachtas i Londain chun trócaire a lorg agus laghdaíodh an breithiúnas báis go príosúnacht saoil.
Chaith Kirwan 25 bliain i bpianseirbhís. Scaoileadh saor é in 1879 agus d’fhill sé, go ciúin, ar Bhaile Átha Cliath (chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe b'fheidir[4]).[2]