Dúnmharú Alex Pretti
| ||||
| Cineál | shot dead by law enforcement officers (en) ionsaí lámhaigh recorded death (en) | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 24 Eanáir 2026 (09:05. an tAmchrios Lárnach, UTC−06:00) | |||
| Suíomh | Nicollet Avenue, Minnesota (en) | |||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
| Íospartach | Alex Pretti íospartach dúnbhásaithe, íospartach lámhaigh | |||
| Líon básanna | 1 | |||
| Líon gortaithe | 0 | |||
| Imscrúduithe ag | Roinn Dlí na Stát Aontaithe agus Minnesota Bureau of Criminal Apprehension (en) | |||
| Déantóir na coire | Jesus Ochoa (shooter (en) Raymundo Gutierrez | |||
| Arm | gunna láimhe leath-uathoibríoch gunna láimhe | |||
| Meán cumarsáide | ||||
| Eile | ||||
| Urchar | 10 | |||
Tharla Dúnmharú Alex Pretti ar an 24 Eanair 2026 le linn aighnis leis an bPatról Teorann (ICE)[1] i Minneapolis.[2]
B'Alex Pretti an dara duine maraithe gan trua gan taise ag ag oifigigh feidhmithe dlíthe imirce i Minneapolis i mí Eanáir 2026; dúnmharaíodh agóideoir eile, René Good chomh maith ar an 7 Eanaír 2026.[3][4]





Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Pretti agus daoine eile ag léirsiú in aghaidh ICE. D'ionsaigh ICE iad le sprae piobair agus leagadh ar an talamh iad.
Tá an chuma ar na físeáin den eachtra go raibh fón póca ina láimh ag Alex Pretti ag an am. Agus Pretti ina luí ar an talamh, thóg na gníomhairí feidearálacha gunna a bhí ag Pretti amach óna bhásta; cúpla soicind níos déanaí, lámhaigh na gníomhairí Pretti as fuil fhuar agus fágadh marbh é. Lámhaigh na gníomhairí Pretti deich n-uaire laistigh de chúig shoicind. Bhí timpeall sé ghníomhaire thart air nuair a lámhaíodh agus a maraíodh é.
Ní hionann an cuntas atá tugtha ag údaráis stáit agus fheidearálacha ar fhíricí na heachtra.
Mhaígh Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh Alex Pretti gníomhairí ICE agus gur á gcosaint féin a bhí siad nuair a lámhach siad é. “Sceimhlitheoir baile” a bhí in Pretti de réir Kristi Noem, an Rúnaí Slándála Baile, a áitíonn gur fhreastail sé ar an agóid agus “airm ina sheilbh” d’aon ghnó chun “oibríocht feidhmithe dlí a chosc”.
Tháinig an cuntas sin salach, áfach, ar na fístaifeadtaí den eachtra a bhí curtha sa timpeall. Léiríonn na taifeadtaí sin gur fón seachas gunna a bhí ina láimh ag Alex Pretti. Cé go raibh gunna ina chrios aige, is i ndiaidh do na gníomhairí é a bhaint de a lámhach siad é. Bhí an gunna ag Alex Pretti go dleathach.[5]
Ní raibh sa gcaint sin ach “seafóid” a dúirt Tim Walz, Gobharnóir Minnesota. “Tá a fhios agaibh féin céard a chonaic sibh, agus ansin chuala sibh na daoine is cumhachtaí sa domhan ag insint daoibh céard a chonaic sibh, gur sceimhlitheoir baile a bhí sa bhfear seo,” a dúirt Walz. D’iarr ‘Walz go n-éireofaí as a bheith ag cur “smál” ar ainm Alex Pretti.[2]
Fiosrúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Trump an ‘sár teorann’, Tom Homan, go Minnesota. “Tá aithne aige ar go leor de na daoine ann agus is maith leis iad,” a scríobh Trump ar a mheán sóisialta Truth Social.
Ar an 26 Eanáir, bhí ceannasaí na gníomhaireachta ICE i gcathair Minneapolis tarraingthe amach ag Trump. Deirtear gur duine an-chadránta ba ea an té a bhí i gceannas, Gregory Bovino.[5][6]
Cuireadh brú ar an Teach Bán fiosrúchán a chur ar bun. Bhí roinnt sa bPáirtí Poblachtánach fiú ag iarraidh go bhfiosrófaí na maruithe i Minnesota. Mar shampla dúirt Gobharnóir Poblachtánach Vermont, Phil Scott, “nach féidir glacadh leis” go “maródh gníomhairí feidearálacha” saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe a bhíonn ag baint feidhm as a gceart cosanta chun agóide.
Ach mhaígh Trump go raibh “fiosrúchán ollmhór” ar siúl maidir le caimiléireacht leasa shóisialaigh “mhór mhillteach, luach 20 billiún dollar” a dúirt sé a tharla i Minnesota. Maígh an tUachtarán gurb í an chaimiléireacht sin “cuid den chúis” leis na “léirsithe foréigneacha eagraithe” ar na sráideanna.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "United States Immigration and Customs Enforcement" (as en) (2026-01-26). Wikipedia.
- 1 2 3 "Trump chun ‘sár teorann’ a chur go Minnesota tar éis do ghníomhairí feidearálacha Alex Pretti a mharú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-01-26). Dáta rochtana: 2026-01-26.
- ↑ Michael D. Sellers (2026-01-23). "Rene Good Autopsy Reveals Fatal Shot Came From the Side — Not the Front of the Vehicle". DEEPER LOOK with Michael Sellers. Dáta rochtana: 2026-01-27.
- ↑ "Killing of Renée Good" (as en) (2026-01-26). Wikipedia.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-01-27). "Minneapolis: athrú cur chuige ar na bacáin" (as ga-IE).
- ↑ "Gregory Bovino" (as en) (2026-01-27). Wikipedia.
