Dúnmharú Aidan Moffitt agus Michael Snee (2022)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an chúirt dúiche áitiúil i Sligeach

Dúnmharaíodh Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois ar an 10 Aibreán 2022 ag a theach cónaithe in Arda an Chartúin i Sligeach agus dúnmharaíodh Michael Snee, 58 bliain d'aois, ag a theach cónaithe i Radharc na Cathrach i Sligeach ar an 12 Aibreán 2022.[1] Deirtear go raibh cúis homafóbach leis na maruithe agus gur bhuail an bheirt íospartach lena ndúnmharfóir ar líne.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an beirt fhear fios ar Yousef Palani, 22 bliain d'aois, agus d'ionsaigh sé iad ina mbailte féin. Bhí sé scáfar an ciorrú a bhí déanta ar Moffitt agus Snee.[2][3]

Ceantálaí agus comhairleoir morgáistí agus airgeadais ab ea Moffitt, a raibh a chuideachta féin Hazelfort aige i mBaile Shligigh.[4] Ball cláraithe le páirti Fhine Gael a bhí ann agus tuigtear gur mhinic leis a bheith ag cuidiú leis an bpáirtí aimsir toghcháin.[3]

Cúramóir agus póirtéir a bhí i Michael Snee; chaith sé a dhúthracht ag obair ar son seanóirí agus daoine faoi mhíchumas intleachtúil.[5]

An lá dár gcionn, d'impigh na Gardaí ar dhaoine a bhuaileann le daoine ar líne a bheith an-chúramach agus cara nó cairde dá gcuid a chur ar an eolas i gcónaí faoi cá bhfuil siad. Táthar ag moladh do dhaoine casadh le chéile in áit phoiblí ar dtús agus ansin i ndiaidh comhrá má bhraitheann duine compóradach is féidir dul go háit phríobháideach leis an duine eile.[6]

Bhí eagraíochtaí Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach ag iarraidh dlúthpháirtíochta ón bpobal agus go gcuirtear reachtaíocht i bhfeidhm chun déileáil le fuathchoireacht.[7]

Fiosrúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúisíodh Yousef Palani maidir le marú Aidan Moffitt agus Michael Snee ar 14 Aibreán. Tugadh Palani, le seoladh baile ag Arda Markievicz os comhair na cúirte dúiche áitiúil i Sligeach. Bhí cúis eile curtha i leith Palani maidir le hionsaí tromchúiseach ar Anthony Burke ar an 9 Aibreán i Sligeach.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Nuacht TG4 - Tá dhá fhiosrúchán dúnmharaithe ar leith ar..." (as ga) . 
  2. Nuacht RTÉ (2022-04-13). "Dhá fhiosrúchán dúnmharaithe ar leith ar bun i Sligeach" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ, Sorcha Ní Mhonacháin (2022-04-12). "Fear, 40, maraithe go brúidiúil i Sligeach" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ, Sorcha Ní Mhonacháin (2022-04-12). "Fear, 40, maraithe go brúidiúil i Sligeach" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2022-04-18). "Sochraidí Aidan Moffitt agus Michael Snee i Ros Comáin, Sligeach" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2022-04-13). "Impí ar dhaoine a bhuaileann le daoine ar líne a bheith cúramach" (as ga). 
  7. Conradh na Gaeilge Londain (2022). "16 Aibreán 2022 (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-05-24.
  8. Nuacht RTÉ (2022-04-15). "Ócáidí á n-eagrú i gcuimhne ar Michael Snee agus Aidan Moffitt" (as ga).