Jump to content

Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dúchan (leabhar))
WD Bosca Sonraí LeabharDúchan
FotheidealBlúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain
Teangaan Ghaeilge
EagarthóirCharles Dillon, Colm Ó Cuaig, Máirín Nic Eoin MRIA, agus Alan Titley
FoilsitheoirAcadamh Ríoga na hÉireann
Foilsithe i2025
Tréith
Príomhábharan grá, an cogadh, an tsláinte, an aimsir agus an obair
Seánrafoclóireacht, splancfhicsean

Is cnuasach é Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain de shamplaí foclóireachta a bhreac Máirtín Ó Cadhain maille le healaíon ó Seán Ó Flaithearta. Sa tréimhse díreach sular foilsíodh a úrscéal, Cré na Cille in 1949, a bhreac sé iad. Tá an t-ábhar ann bunaithe ar Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain, togra digiteach foclóireachta ó Acadamh Ríoga na hÉireann a tháinig amach sa bhliain 2021. Charles Dillon agus Colm Ó Cuaig a chuir an bunábhar in eagar agus is iad Máirín Nic Eoin MRIA agus Alan Titley a roghnaigh don chnuasach.

In éineacht le heolas ar chiall agus ar úsáid focal, tugtar léiriú suntasach ar shaol na Gaeltachta sna sleachta, mar a chonacthas é do mhórscríbhneoir Gaeilge an 20ú haois. Tá na samplaí ann rangaithe faoi théamaí éagsúla; an grá, an cogadh, an tsláinte, an aimsir agus an obair.

Dúirt Tuairisc: "Bhí éascaíocht stíle agus saibhreas cainte ar a chomhairle féin ag Máirtín Ó Cadhain. Má bhí, ní cheal staidéir a shaothraigh sé teilgean agus réim na Gaeilge a bhí beo lena linn. Bhailigh sé leaganacha agus chruinnigh sé stór focal ón uile chearn de Ghaeltacht na Gaillimhe agus tá ord agus eagar ar an obair sin uile faoi réir téamaí ag an lucht eagair. Cuireann ealaín Sheáin Uí Fhlaithearta toise breise áille fós leis an saothar."[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]