Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Deireadh Fómhair 1889 Snaoiseabhal, Scotland ![]() |
Bás | 7 Eanáir 1964 74 bliana d'aois Pàislig, Scotland ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, píobaire, saor cloiche, file ![]() |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Queen's Own Cameron Highlanders (en) ![]() |
Coinbhleacht | Cath Loos |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
Rugadh Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir (Dómhnall Ruadh mac Aonghais Ruaidh nó Dómhnall Ruadh Pháislig) ar 1 Deireadh Fómhair 1889 i Snaoiseabhal, Uibhist a Deas. De réir tuairisce, bhí cuimhne thar barr ag a mháthair Ceit agus bhí cuimhne ag Dómhnall ar a lán urnaithe agus amhrán, port agus seanfhocal, a chuala sé agus é ina bhuachaill óg. D'fhág sé an scoil in aois a cheithre bliana déag agus d'fhoghlaim sé ceird an tsaoir chloiche. Bhí sé i reisimint na gCamshrónach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus bhí sé ina phíobaire ag Loch Iall. Chruthaigh sé go misniúil ag Cath Loos.
Idir an dá chogadh dhomhanda chuaigh sé chun cónaithe i bPáislig agus d'oibrigh ann mar bhríceadóir.
Phós sé Màiri NicIllFhaolain, bean arbh as Uibhist a-Deas di. Bhí ceathrar clainne acu. Bhíodh Dòmhnall ag cumadh amhrán gan stad faoi chúrsaí an bhaile agus chúrsaí i gcéin.
Tugadh coróin do Dhòmhnall mar Bhàrd an Chomuinn Ghàidhealaich sa bhliain 1938 agus d'fhoilsigh an Scottish Gaelic Texts Society a chuid filíochta sa bhliain 1968. Tá sé curtha i bPàislig.