Jump to content

Díspeagadh cúirte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Postaer den dráma Contempt of Court le Dion Boucicault, 1870

Is éard atá i gceist le díspeagadh cúirte[1] ná mainneachtain ordú cúirte a chomhlíonadh nó cur isteach ar riaradh an cheartais ag cúirt, amhail cur isteach ar éisteacht chúirte.[2]

Is féidir fíneáil nó príosúnacht a ghearradh as díspeagadh cúirte. Mar shampla,

  • D’fhéadfadh an cúirt ordú ar fhinné fianaise a thabhairt. Má leanann sé nó sí gan chomhoibriú leis an gcúirt, d’fhéadfadh an cúirt díspeagadh cúirte a ghearradh ar an bhfinné agus an finné a chur i bpríosún go dtí go bhfuil sé nó sí ag comhoibriú leis an gcúirt. Is cion coiriúil freisin é diúltú d’fhianaise a thabhairt nó comhoibriú le cúirt.[3]
  • Ráitis a dhéantar i seomra na ngiúróirí a choinneáil faoi rún. Níor cheart an cás a phlé le haon duine seachas comhaltaí den ghiúiré. Má labhraíonn giúróir faoi aon ráitis a dhéantar i seomra na ngiúróirí, is díspeagadh cúirte é sin a bhféadfaí pionós fíneála agus/nó príosúnachta a ghearradh ina leith.
  • Nuair atá sé curtha in iúl agat nach bhfuil tú sásta ceist faoi leith a fhreagairt, déanfaidh an breitheamh cinneadh an gá duit an cheist a fhreagairt. Má dhéanann an breitheamh cinneadh nach mbaineann pribhléid leis an gceist, ní mór duit í a fhreagairt. Má theipeann ort, cuirfear díspeagadh cúirte i do leith agus d'fhéadfaí téarma príosúnachta a ghearradh ort.[4]
  • Sa gcás is tromchúisí ar fad d’fhéadfaí stop a chur leis an triail dá gcuirfeadh díspeagadh gach seans ar an gcóir as an áireamh. Ba mhór an feall é sin, leatrom ar na gearánaithe agus ar na cosantóirí a bheadh ann dá mb’éigean éirí as an triail; ní bhfaigheadh éinne an chóir.[5]
  • Bhí €25,000 gearrtha ar an Irish Daily Mail ar an 8 Iúil 2019 as díspeagadh cúirte le linn thriail bhuachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel. Bhain an díspeagadh le halt; "CCTV show Ana being led to her death" a bhí mar cheannteideal ar an alt.[6]
  • Cuireadh ina leith go ndearna Enoch Burke agus a mhuintir díspeagadh cúirte sna 2020idí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Acht Díspeagtha Cúirte Thuaisceart Éireann 1981.[7]
  1. i mBéarla, Contempt of court
  2. Citizensinformation.ie. "Téarmaí dlíthiúla mínithe" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2026-06-13.
  3. Citizensinformation.ie. "Binsí Fiosrúcháin" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2026-06-13.
  4. Citizensinformation.ie. "Rialacha a bhaineann le d'fhianaise" (ga). www.uat.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2026-06-13.
  5. Póilín Ní Chiaráin (24 Bealtaine 2026). "Práinn as cuimse leis nach ndéanfar díspeagadh a thiocfadh salach ar an gcóir i gcás Jeffrey agus Eleanor Donaldson" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-06-13.
  6. "€25,000 gearrtha ar an Irish Daily Mail as díspeagadh cúirte" (as ga) (2019-07-08).
  7. udcJlTvB6G (2026-03-06). "Contempt of Court in Northern Ireland: Guidance for Commenting on Active Cases" (en-US). Mills Selig Solicitors. Dáta rochtana: 2026-06-13.