Díraonadh neodrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarmhairt trasnaíochta, bunaithe ar scaipeadh neodrón—ag cisil dhifriúla adamh is solad, mar shampla — chun patrún idirdhealaithe déine a tháirgeadh, ar féidir a úsáid chun struchtúr an tsolaid a dhéanamh amach. De bhrí nach bhfuil lucht glan leictreach ag neodróin, treánn siad ábhair go héasca, ach de bhrí go bhfuil móimint mhaighnéadach acu is éifeachtach iad chun tréithe maighnéadacha ábhar a iniúchadh (i gcomhábhair fhorsheoltacha ardteochta, mar shampla). Idirghníomhaíonn siad tríd an bhfórsa núicléach láidir le núicléis adamhacha, agus mar sin bíonn siad íogair d'iseatóip éagsúla sa mheán ina bhfuil siad ag taisteal. Braitheann cuid de na foinsí neodrón ar imoibreoirí núicléacha chun léas leanúnach neodrón a chur ar fáil. I bhfoinsí eile úsáidtear léis cáithníní chun foinse bíogtha neodrón a dhéanamh. Baintear feidhm as díraonadh neodrón chun an-chuid córas a anailísiú, plaistigh, ceirmeacht, criostail leachtacha, próitéiní, is ábhair bhitheolaíocha eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Díraonadh neodrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 214.