Díothú Dramhaíola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Táirgí athúsáidte dumpáilte ag athchúrsálaí dramh-mhiotail

Is sraith prionsabal é Díothú Dramhaíola atá dírithe ar dhramhaíl a chosc agus a spreagann athdhearadh saolré acmhainní ionas go n- athúsáidfear gach táirge. Is é an sprioc nach seolfar bruscar chuig láithreáin líonta talún, loisceoirí nó an cuan. I ndáiríre, faoi láthair, ní athchúrsáiltear ach 9% den phlaisteach. Ní athchúrsáiltear ach níos lú ná aon trian den dhramhaíl phlaisteach san Eoraip. I gcóras um díothú dramhaíola, athúsáidfear ábhar go dtí an leibhéal tomhaltais is fearr.[1] Is é an sainmhíniú a ghlac an an Comhaontas Idirnaisiúnta um Dhíothú Dramhaíola (CIDD) [2] :

Díothú Dramhaíola: Caomhnú na n-acmhainní go léir trí tháirgeadh, thomhaltas, athúsáid agus aisghabháil freagrach na dtáirgí, an phacáistithe agus na n-ábhar go léir, gan iad a dhó, agus gan sceitheadh ​​chuig talamh, uisce nó aer a a d’fhéadfadh bagairt ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine.

Tagraíonn Díothú Dramhaíola do dramhaíola a sheachaint seachas bainistíocht dramhaíola ag deireadh an phíopa.[3] Is cur chuige córas iomlán é a dhíríonn ar athrú ollmhór ar an mbealach a shreabhann ábhair tríd an tsochaí, agus nach mbíonn aon dramhaíl mar thoradh air. Cuimsíonn díothú dramhaíola níos mó ná le deireadh a chur le dramhaíl trí athchúrsáil agus athúsáid. Díríonn sé ar chórais táirgeachta agus dáilte a athstruchtúrú chun dramhaíl a laghdú.[4]Is sprioc nó cuspóir é seachas targaid chrua. Soláthraíonn díothú dramhaíola treoirphrionsabail chun oibriú go leanúnach i dtreo deireadh a chur le dramhaíl.

Bíonn abhcóidí ag súil go mbeidh gá le rialáil rialtais chun tionchar a imirt ar roghanna tionsclaíocha maidir le dearadh táirgí agus pacáistiú, próisis déantúsaíochta, agus roghnú ábhair.[5] Nuair a fhaightear réidh le dramhaíl, laghdaítear truailliú, agus laghdaítear costais freisin mar ní bhíonn an méid chéanna amhábhair ag teastáil.

ó chliabhán go cliabhán, ó chliabhán go cróchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is samhail líneach é an cliabhán go cróchar d’ábhair a thosaíonn le eastóscadh acmhainní, a ghluaiseann chuig déantúsaíocht táirgí, agus a chríochnaíonn le cróchar (nó uaigh), áit a fhaightear réidh leis an táirge. Tá an chliabhán go cróchar i gcodarsnacht díreach le hábhair nó táirgí ón gcliabhán go cliabhán, a athchúrsáiltear i dtáirgí ag deireadh a saoil, ionas nach mbeidh aon dramhaíl ann sa deireadh.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Minimizing the increasing solid waste through zero waste strategy".
  2. "Zero Waste International Alliance".
  3. "The end of waste: Zero waste by 2020". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-30. Dáta rochtana: 2021-01-07.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-01. Dáta rochtana: 2021-01-07.
  5. Townsend, W. K. (2010). "Zero waste: an aspiration or an oxymoron?". Waste Management & Research 28 (1): 1–3. doi:10.1177/0734242X09356145. PMID 20065044. 
  6. "The cradle-to-cradle alternative.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2021-01-07.