Díochlaonadh na Laidine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

San teangeolaíocht, is éard is díochlaonadh na Laidine ann ná an t-athrú ar fhoirm an fhocail go ginearálta, chun a fheidhm shintéiseach san abairt a chur in iúl, trí infhilleadh éigin.

Mar sin, díochlaontar ainmfhocail, forainmneacha, agus aidiachtaí (réimnítear na briathra), agus tugtar díochlaonadh ar phatrún ar leith ann, atá uimhrithe agus grúpáilte de réir an fhoircinn agus na hinsce gramadúla. Leanann gach ainmfhocal ceann de na cúig díochlaonadh, ach tá eisceachtaí ag roinnt ainmfhocal neamhrialta.

Tá dhá chineál aidiacht ann: iad siúd cosúil le bonas, boná, bonum ‘maith’ a úsáideann foircinn den chéad dhíochlaonadh don bhaininscneach, agus an dara díochlaonadh don fhirinscneach agus don neodrach. Baineann aidiachtaí eile cosúil le celer, celeris, celere leis an tríú díochlaonadh. Níl aon aidiachtaí sa cheathrú nó chúigiú díochlaonadh ann.

Tá dhá chineál ag forainm ann freisin, na forainmneacha pearsanta mar ego ‘mé, mise’ agus 'tú, tusa' , a bhfuil a díochlaonadh neamhrialta féin acu, agus na forainmneacha tríú pearsa ar nós hic ‘seo’ agus ille 'siúd' gur féidir iad a úsáid go ginearálta mar fhorainmneacha nó mar aidiachtaí. Díochlaontar iad siúd ar bhealach cosúil leis an chéad agus an dara díochlaonadh i gcomhair na n-ainmfhocal, ach tá difríochtaí ann; mar shampla críochnaíonn an ginideach uatha in -īus-ius in ionad -ae .

Tá a gcuid díochlaontaí féin ag na bunuimhreacha freisin, ūnus 'a haon', duo 'a dó', agus trēs 'a trí' (foirceann 'ūnus' san ginideach uatha is ea -īus, atá cosúil le forainme), agus tá freisin aidiachtaí uimhriúla ar nós bīnī 'péire, dhá cheann', a dhíochlaontar cosúil le gnáth-aidiachtaí.

Na tuisil ghramadaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá i ndíochlaonadh iomlán an ainmfhocail Laidine ná suas le seacht dtuiseal: an t-ainmneach,an gairmeach, an cuspóireach, an ginideach, an tabharthach, an t-ochslaíoch agus an t-áitreabhach. Mar sin féin, tá an t-áitreabhach teoranta do bheagán ainmfhocal: ainmneacha cathracha, oileáin bheaga agus cúpla focal eile go ginearálta.

Is minic a ghiorraítear ainmneacha na gtuiseal go dtí an chéad trí litir.

Ord na dtuiseal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an gramadóir Aelius Donatus (4ú haois AD), ar úsáideadh a chuid oibre mar chaighdeán i rith na Meánaoise, na tuisil san ord seo:

casus sunt sex: nominativus, genetivus, dativus, accusativus, vocativus, ablativus. [1]
"Tá sé tuiseal ann: an t-ainmneach, an ginideach, an tabharthach, an cuspóireach, an gairmeach, agus an t-ochslaíoch.

Bhí an t-ord seo bunaithe ar an ord a d’úsáid gramadóirí Gréagacha níos luaithe ná sin, le cois an ochslaígh, nach bhfuil ann sa Ghréigis curtha leis. Aistríodh ainmneacha na gdtuiseal den chuid is mó ó théarmaí Gréigise, mar shampla accusativus ón nGréigis αἰτιατική .


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aelius Donatus, Ars Major, 2.8.