Díbirt mídhleathach leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis
| Cineál | cinedhíothú child abduction (en) forced adoption (en) coir chogaidh cás dlí | ||
|---|---|---|---|
| Tréimhse | 2014 - | ||
| Tír | an Úcráin agus an Rúis | ||
| Sprioc | Russification of Ukraine (en) | ||
| Cúis | drochúsáid ghnéasach leanaí | ||
| Is cúis le | International Criminal Court arrest warrants for Vladimir Putin and Maria Lvova-Belova (en) | ||
| Líon básanna | 468 (12 Aibreán 2023) | ||
| Líon gortaithe | 947 (12 Aibreán 2023) | ||
| Líon ar iarraidh | 405 (12 Aibreán 2023) | ||
| Déantóir na coire | an Rúis | ||
| Cosantóir | |||
| Cúiseamh | child abduction (en) | ||
| Suíomh gréasáin | childrenofwar.gov.ua… | ||
I mí an Mhárta 2023, d’eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais gabhála i gcoinne Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, agus a choimisinéara um chearta leanaí, Maria Lvova-Belova, mar gheall ar fuadach agus díbirt mídhleathach leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis.[1]



Líon na bpáistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní fios cé mhéad páiste a díbríodh ón Úcráin go dtí an Rúis agus go dtí an Chrimé tar éis an mhórionraidh. Dar leis na Náisiúin Aontaithe, is thart fá 20,000 páiste atá i gceist. Deir an Rúis nach bhfuil ach na céadta i gceist.[2]
Dar le rialtas na hÚcráine bhí deimhnithe acu go raibh ar a laghad 19,500 leanbh ar iarraidh ó 2022-2025. Measann an Humanitarian Research Lab (HRL)[3] go bhféadfadh an figiúr sin a bheith chomh hard le 35,000.[4]
Bhí scála agus an fhuadaithe, an athoideachais agus an mhíleataithe a bhí á ndéanamh ag an Rúis ar leanaí Úcránacha ó 2022 i leith deimhnithe ag HRL.[5] Sainaithnítear ar a laghad 210 ionad ar fud na Rúise agus i gcríocha gafa san Úcráin ina gcoinnítear mionaoisigh, áit a ndéantar díonteagasc orthu agus, go minic, a gcuirtear oiliúint mhíleata orthu.
‘Athoideachas’
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Rúis lán-oscailte faoi pháistí Úcránacha a thógáil agus ‘athoideachas’ a chur orthu chun cúl a thabhairt dá ndúchas agus dá bhféiniúlacht fhéin. Mar shampla rinne Maria Lvova‑Belova, coimisinéir ‘cearta páistí’ na Rúise, cur síos go poiblí ar conas mar ar thóg sí déagóir Úcránach ó Mariupol, gur thug sí chuig an Rúis é i gcoinne a thola, agus gur chuir sí ‘athoideachas’ air chun grá a bheith aige don Rúis. Tá barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Lvova-Belova, mar aon le Vladamir Putin, mar gheall ar a ról i bhfuadach páistí Úcránacha.[2]
I gcoitinne léiríonn an fhianaise go n-athraítear ainmneacha páistí atá níos óige, go dtugtar teastais bhreithe bhréige Rúiseacha dóibh agus go bhféachtar le ‘athoideachas’ a chur ar pháistí níos sine.[2]
Deir an HRL go ndéantar an t-athoideachas, a dhíríonn ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÚcráine a scriosadh, a chur i bhfeidhm i 63% de na hionaid, agus oiliúint mhíleata in 18% de na hionaid ar a laghad. Taispeánann an taighde go bhfuil níos mó ná leath de na hionaid á mbainistiú go díreach ag údaráis na Rúise, rud a aibhsíonn rannpháirtíocht an stáit.[4]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann an fuadach páistí stát-urraithe seo chun cuimhne an tuairim is 500 páiste a thóg deachtóireacht mhíleata na hAirgintíne ó ghníomhaithe den eite chlé idir 1976 agus 1983, agus na mílte páiste a thóg deachtóireacht mhíleata na Sile ó theaghlaigh bhochta le linn réimeas Pinochet. Sa trí chás, chreid na fuadaitheoirí ar bhonn idé-eolaíochta go raibh gach ceart acu na páistí a thógáil óna muintir agus iad a thabhairt do na daoine ‘cearta’.
Tá tuairim is 130 duine de na páistí Airgintíneacha sin aimsithe agus curtha i dteagmháil lena seantuismitheoirí agus a muintir. (Mharaigh an réimeas formhór na dtuismitheoirí). Ach bíonn iarmhairtí casta síceolaíochta agus féiniúlachta ag an bpróiseas dóibh. Is deacair an fhírinne a cheilt go deo agus gheobhaidh ar a laghad roinnt de pháistí fuadaithe na hÚcráine amach sa todhchaí cad a tharla dóibh.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó "Fuadach leanaí san Úcráin". I mBéarla Child abductions in the Russo-Ukrainian War nó Child kidnapping
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Fachtna Ó Drisceoil (23 Nollaig 2025). "Níor mhiste páistí fuadaithe na hÚcráine agus a muintir a thabhairt chun cuimhne an Nollaig seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-24.
- ↑ sa Yale School of Public Health i Meiriceá
- ↑ 4.0 4.1 Dara Ó Baoill (2025-09-26). "Leanaí goidte na hÚcráine" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-07.
- ↑ Sa tuairisc Ukraine’s Stolen Children: Inside Russia’s Network of Re-Education and Militarization (Meán Fómhair 2025)