Dí-eaglaiseachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baineann dí-eaglaiseachas (nó tuatachas) leis an tuairim gur féidir dul chun cinn na sibhialtachta a mheas bunaithe ar an méid saoirse atá bainte amach ag pobail éagsúla ó phatrúin chreidimh reiligiúnacha agus ó phatrúin bhaothchreidimh.[1]

Tá bunús an tuatachais le fáil go hindíreach in éirí an daonnachais thuata i rith na hAthbheochana. Tá dlúthbhaint áfach ag saothrú an tuatachais le forbairt na n-eolaíochtturgnamhaíocha sa seachtú agus san ochtú aois déag agus teacht chun cinn iarmhartach an chultúir phosaitívigh a shéanann eiseadh an ní nach féidir a áireamh taobh istigh de theorainneacha an tomhais eolaíochtúil.

Ní hionann agus an focal is neodraí ‘tuathú’ is é an dearcadh a chuirtear in iúl le tuatachas gur féidir dul chun cinn na sibhialtachta a thomhas óna mhéid is féidir leis na comhthionóil iad féin a shaoradh ó gach pátrún creidimh reiligiúnda / baothchreidmheach.

Ón bpeirspictíocht Chríostúil idé-eolaíocht thacair é an tuatachas a áiríonn cultúr ‘an domhain seo’ agus ábharach agus a shéanann eiseadh aon toise tharchéimnithigh agus / nó spioradálta don chomhall daonna.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-10-24.