Déimeagrafaic na hAstráile

Tá daonra na hAstráile ag dul i méid agus in aois sa 21ú haois. Bhí 19.0 milliún duine sa tír in 2001, 27.2 milliún in 2024. Tá an céatadán a rugadh san Astráil ag dul i laghad.[1]
An as an 27.2 milliún a bhí ina gcónaí san Astráil in 2024, is ón iasacht 8.6 milliún.[2] Sin beagnach duine as gach triúr, 31.5% den iomlán.
As Sasana, India, an tSín agus an Nua-Shéalainn tromlach na ndaoine gallda sa tír, ach dúirt Biúró na Staitisticí in 2025 go raibh daoine a rugadh i mbeagnach gach tír ar domhan ina gcónaí san Astráil.[3] Is ar na cathracha móra, go háirithe Sydney agus Melbourne a thugann formhór na ndaoine ó thíortha iasachta a n-aghaidh, in ainneoin iarrachtaí an rialtais daoine a mhealladh chuig bailte níos lú nó amach faoin tuath.
Is féidir freisin a fheiceáil an chaoi a bhfuil athrú ag teacht ar theangacha na tíre agus an tionchar atá ag an inimirce air sin. Is ar na cathracha móra, go háithrid Sydney agus Melbourne a thugann formhór na ndaoine ó thíortha iasachta a n-aghaidh, in ainneoin iarrachtaí an rialtais daoine a mhealladh chuig bailte níos lú nó amach faoin tuath. In 80% de theaghlaigh na tíre ní labhartar ach Béarla.
- Beirtear duine amháin gach dhá nóiméad:
- Faigheann duine amháin bás gach trí nóiméad agus dó is tríocha soicind;
- Tagann inimirceach nua gach dhá nóiméad agus cúig soicind;
- Mar gheall air seo tá an daonra ag fás san Astráil de réir aon duine amháin gach dhá nóiméad is dhá shoicind déag.[4]
Tá daonra na hAstráile ag dul i méid:
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dáithí Ó Colchúin / beo.ie (2002). "Daonra na hAstráile ag dul i méid agus in aois" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2025-05-01.
- ↑ population.gov.au. "Population Statement".
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-01). "100,000 a rugadh in Éirinn ina gcónaí anois san Astráil" (as ga-IE).
- ↑ Australian Bureau of Statistics Population Clock 08.01.15
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |