Jump to content

Dánfhocal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneDánfhocal

Is ionann dánfhocal agus píosa gearr comhairle nó gaoise de shaghas éigin, agus é i bhfoirm filíochta. Is é Tomás Ó Rathile a cheap an focal mar ainm ar na heipeagraim ar leith a bhí le léamh sna lámhscríbhinní. Is i stíl an dáin dhírigh atá siad seo, rainn cheithre líne agus is sa líne deiridh a thagann an chomhairle nó buaic na filíochta.[1]

Deir an léachtóir Ken Ó Donnchú gur dócha go bhfuil a leithéidí le fáil i ngach cultúr agus i ngach traidisiún litríochta nó béil. Tá dá shaghas dánfhocal ann: rainn aonair agus rainn ar baineadh as dán níos faide.[1]

Ba nós le scríobhaithe na Gaeilge i ré na mbairdne a leithéid a bhreacadh síos ina gcuid lámhscríbhinní áit ar bith a bhíodh slí dóibh ann. Maítear go dtugann na dánfhocail seo súil isteach ar aigne Gael an ré úd. Bíodh gur comhairle atá iontu, dar le hÓ Donnchú is doiléir go maith atá cuid acu fós.[1]

Tá leagan luath de cheann acu le léamh in Agallamh na Seanórach, agus leagtar cinn eile ar mhór-fhilí de chuid na hÉireann: Tadhg Dall Ó hUiginn, Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, Dáibhí Ó Bruadair, agus Flaithrí Ó Maolchonaire ina measc, más fíor.[1]

Chuir Tomás Ó Rathile cnuasach iomráiteach na gcéadta dánfhocal, iad in eagar de réir ábhair agus téama, i gcló sa bhliain 1921 agus chuir Cló Ollscoile Chorcaí leagan leasaithe maille le haistriúcháin Béarla le hAidan Doyle agus le Ken Ó Donnchú i gcló sa bhliain 2026 faoin teidil Dánfhocail.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]