Jump to content

Dáithí de Mórdha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáithí de Mórdha
Beathaisnéis
BreithDún Chaoin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh - céim dochtúireachta (20152019)
Coláiste na hOllscoile Corcaigh - Master of Philosophy (en) Aistrigh (20102012)
Ollscoil na Gaillimhe - Baitsiléir Ealaíon (20022005) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge


X: DDeibhinn Instagram: daithidemordha Threads: daithidemordha Cuir in eagar ar Wikidata

Is iriseoir é Dáithí de Mórdha as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, a bhí ceaptha ina Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha in TG4 sa bhliain 2026.[1]

Chuir de Mórdha PhD i gcrích leis an Roinn Bhéaloidis agus Eitneolaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinne sé a chuid taighde ar chartlann RTÉ RnaG i mBaile na nGall agus d’fhoilsigh sé a leabhar Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal, bunaithe ar an taighde sin, in 2022.

Sna 2010idí bhí Dáithí de Mórdha ina Stiúrthóir ar Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin.[2][3][4]

Thosaigh de Mórdha ag obair ina iriseoir ar dheasc nuacht an deiscirt RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2017. Chuir sé an clár Cartlann Bhóthar na Léinsí i láthair ar RTÉ RnaG

Ceapadh de Mórdha ina Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha in TG4 ar an 29 Eanáir 2026. Déanann sé tráchtaireacht ar chluichí peile ar TG4 chomh maith.

Tá Dáithí de Mórdha pósta agus ceathrar clainne aige.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Maitiú Ó Coimín (29 Eanáir 2026). "Dáithí de Mórdha ceaptha ina cheannaire nuachta ag TG4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-30.
  2. RnaG / An Saol ó Dheas (2014-05-23). "Daithí De Mórdha, Ionad an Bhlascaoid." (ga-IE). RTE RnaG. Dáta rochtana: 2026-01-30.
  3. RnaG (2014-11-06). "Daithí de Mordha –Ionad an Bhlascaoid." (ga-IE). RTE RnaG. Dáta rochtana: 2026-01-30.
  4. RnaG / Adhmhaidin (2016-10-14). "Daithí de Mórdha, Stiúrthóir Ionad an Bhlascaoid Mhóir." (ga-IE). RTE RnaG. Dáta rochtana: 2026-01-30.