Jump to content

Dáileadh cógaisíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cógaslann
Contrabhanna

Tá sé thar a bheith éasca - agus brabúsach - cógaisíocht a fhalsú. Mar sin tá sé tábhactach go mbíonn teacht ag an bpobal ar sheirbhísí iontaofa cógaisíochta. Déantar dianrialú ar tháirge cógaisíochta agus ar dháileadh cógaisíochta[1] de thoradh sin.

Ní mór ceadú agus rialú a dhéanamh ar dhrugaí agus cógais sular féidir iad a dhíol. In Éirinn, déanann an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte[2] drugaí agus cógais a thástáil ar mhaithe le sábháilteacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht, agus soláthraíonn sé ceadúnais freisin.[3][4] Cinntíonn an Rialtóir Cógaisíochta[5] go bhfuil cógaiseoirí in Éirinn inniúil agus go bhfuil cógaslanna a n-oibriú ar ardchaighdeáin sábháilteachta agus iontaofachta.[6]

In 20216 in Éirinn, d'iarr Cumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh ar a mbaill a bheith in ann cógais choitianta a dháileadh ar othair iad fhéin.  Ach mhaígh Aontas Cógaisíochta na hÉireann[7] nach mbeadh aon chiall le moladh ó dhochtúirí teaghlaigh go ndáilfeadh siad féin cógais, agus go bhféadfaí sábháilteacht othar a chur i mbaol dá mbeadh dochtúirí ag dáileadh na gcógas.[8]

Tá cógais atá á dhíol ar an idirlíon gan aon deimhniú mar nach eol don té atá á cheannacht céard go díreach atá ann. Uaireanta tá drugaí gan faic iontu á ndíol agus drugaí eile ann ina bhfuil comhábhair atá nimhiúil. Deirtear " an rud nach eol duit, ní ghoilleann sé ar an gcroí". Ach sa chás seo, is féidir, go fíorúil. Tá suíomhanna ann fiú ag foilsiú eolais agus comhairle atá míchruinn.

Molann Aontas Cógaiseoirí na hÉireann go láidir do dhaoine gan cógas arlíne gan deimhniú a cheannacht.   Deir Aontas na gCógaiseoirí gur mór an chontúirt do shláinte an duine cógais bhréige.[9]

Iarrann cógaslanna gur acu féin a rachadh daoine ag lorg táirgí agus comhairle.[9]

Leaganacha bréige de na drugaí Botox agus na cógais ró-mheáchain agus diaibéitis Ozempic agus Mounjaro is mó atá á n-éileamh ag custaiméirí ar an idirlíon.

In Éirinn sa bhliain 2024, bhí beagnach milliún aonad cógais sa n-iomlán gafa. Bhí ardú suntasach ar tháirgí GLP-1, cógais don diaibéiteas agus don raimhreacht agus don ró-mheáchan.. Gabhadh 1,582 aonad díobh sin in 2024. Gabhadh 1,700 aonad Botox in 2024.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, pharmaceutical distribution
  2. i mBéarla, Health Products Regulatory Authority
  3. Ní chiallaíonn cead ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte go gceadófar na drugaí agus na cógais do na scéimeanna saor in aisce agus d’fhóirdheontas. Tá fachtóirí eile i gceist leis an bpróiseas ceadaithe, lena n-áirítear costais.
  4. Citizensinformation.ie. "Drugaí agus cógais ordaithe" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-08-11.
  5. i mBéarla, The Pharmacy Regulator
  6. psi.ie (2022). "Tuarascáil Bhliantiúl 2021". Dáta rochtana: 2025.
  7. i mBéaral, Irish Pharmaceutical Union
  8. Nuacht RTÉ (2016-05-16). ""Níl aon chiall go ndáilfeadh dochtúirí cógais"-IPU" (as ga-IE).
  9. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-08-11). "Comhairle láidir cógas gan deimhniú ar an idirlíon a sheachaint" (as ga-IE).