Cúige Kaliningrad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCúige Kaliningrad
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósMikhail Ivanovich Kalinin Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54°48′N 21°25′E / 54.8°N 21.42°E / 54.8; 21.42
Stát ceannasachan Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Exclave dean Rúis agus Northwestern Federal District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairKaliningrad Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,018,624 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús67.46 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deNorthwestern Federal District (en) Aistrigh (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla15,100 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú7 Aibreán 1946
Eagraíocht pholaitiúil
• Governor of Kaliningrad Oblast (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAnton Alikhanov Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2RU-KGD Cuir in eagar ar Wikidata
OKTMO ID (en) Aistrigh27000000 Cuir in eagar ar Wikidata
OKATO ID (en) Aistrigh27 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov39.ru Cuir in eagar ar Wikidata

Is cúige,[1] nó 'oblast', de chuid na Rúise é Cúige Kaliningrad. Is é Kaliningrad an phríomhchathair. Bunaíodh an cúige sa bhliain 1946.

Dá Rúisí iad muintir Kaliningrad áfach, is amhlaidh go bhfuil an áit corradh is 500 ciliméadar ó mhórthír na Rúise. Anuas air sin, is iad an Pholainn agus an Liotuáin atá mar chomharsana bhéal dorais ag Kaliningrad, rud a fhágann go bhfuil an réigiún Rúiseach seo crioslaithe ag an Aontas Eorpach. Ciallaíonn sé seo go mbíonn ar shaoránaigh Kaliningrad cur isteach roimh ré ar dhoiciméid taistil speisialta má bhíonn fonn orthu triall de thalamh ar áit éigin eile ina dtír dhúchais.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba leis na Gearmánaigh Kaliningrad roimh an Dara Dogadh Domhanda agus Konigsberg ab ainm dó. Ba in Konigsberg a saolaíodh is a cuireadh oideachas ar an bhfealsamh Immanuel Kant.[2]

Ghabh na Rúisigh seilbh ar Kaliningrad sa bhliain 1945 agus rinneadh Gearmánaigh a mharú nó a ruaigeadh. Ba jab críochnúil a rinne an Rúis agus na Gearmánaigh á ndíbirt acu Tugadh isteach daoine ó cheann ceann an Aontais Shóivéadaigh ina n-ionad. Baisteadh Sovetsk ar an mbaile Tilsit is Svetlogorsk ar Rauschen, mar shampla.

Ba é Kaliningrad a tugadh ar Konigsberg sa bhliain 1945 agus an t-ainm seo ag tagairt don oblast ar fad chomh maith leis an bpríomhchathair. Ba é Mikhail Kalinin[3] a bhí mar uachtarán ag na Rúisigh ag an am agus tá roinnt mhaith bustaí de fós le feiceáil ann. Sna blianta a lean an cogadh ba chrios míleata speisialta í Kaliningrad agus suas le 250,000 trúpa ann, rud a chuaigh chun sochair an gheilleagair. Tá Cabhlach Baltach na Rúise fós lonnaithe in Kaliningrad [2]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Crios Ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cúige Kaliningrad suite i gcrios ama Oirthir na hEorpa (EET/EEST).

Na hAonaid Riaracháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cúige roinnte ina 13 réigiún. Féach Aonaid Riaracháin Chúige Kaliningrad.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó réigiún
  2. 2.0 2.1 2.2 Alan Desmond (3 Bealtaine 2005). "Cathair faoi leigear Eorpach" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-02-25.
  3. "Mikhail Kalinin" (as en) (2023-01-15). Wikipedia.