Cyfraith Hywel
![]() | |
| Cineál | códú agus córas dlí |
|---|---|
| Tír | an Bhreatain Bheag |
| Cruthú | 945 |
| Dáta éaga | 1543 |
| Sraith | |
| Cuid de | Welsh law (en) |

Córas dlí sa Bhreatain Bheag meánaoiseach ba ea Cyfraith Hywel (Dlíthe Hywel), aitheanta fosta mar Dlí Breatnach, roimh choncas Éadbhard I Shasana. I ndiaidh sin, tháinig Reacht Rhuddlan i réim mar chód coiriúil sa bhliain 1284 agus dlíthe Anraí VIII mar chód sibhialta i réim idir na blianta 1535 agus 1542]].
Saghas dlí Cheiltigh ba ea dlí Breatnach, agus an-chuid cosúlachtaí idir é agus An Féineachas na hÉireann agus, i dteannta sin, le nósanna agus téarmaíocht na mBriotanach as Strathclyde.[1] Seachadadh an béaloideas úd ar aghaidh ó ghlúin go glúin ag dlí-eoluithe agus and baird. De réir an sean-nós, níor scríobhadh síos é go dtí lár na 10ú haoise le linn réimeas, Hywel Dda. Ní théann ámh na lámhscríbhinní atá ar marthain siar ach go dtí an luath-13ú haois, agus iad scríofa as Laidin. Ar bhonn réigiúnach, tá difríochtaí suntasacha eatarthu.[2] Níor athraíodh an dlí go bhfios dúinn ach ag cúpla rialóir, go háirithe Bleddyn ap Cynfyn luaite leis an Teyrnas Powys. Mar sin féin, is léir go ndéarna saineolaí dlís athruithe ann le himeacht ama. Dá bharr is deacair é a rá cé chomh mhéid is atá ann fós den chéad chód le Hywel.
I measc tréithe suntasacha de dhlí Breatnach, tá a leanas:
- chomh-chúram na gcineálacha dá muintir
- oidhreacht talún idir cách sa chlann (na fir ach amháin, ámh) (gabháil chine)
- córas 'airgead fola' (galanas nó éraic)
- sclábhaíocht agus daoirse
- nár tugadh saoránacht do ghaill níos luaithe ná an ceathrú glúin
- dlíthe scaoilte maidir le colscaradh agus dlisteanacht, rud a thug scamall don chléir.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lloyd, J.E. A History of Wales from the Earliest Times to the Edwardian Conquest, Iml. I, l. 287. Longmans, 1912. Data Rochdale 5ú Feabhra 2013.
- ↑ Wade-Evans, Arthur. Welsh Medieval Law. Oxford Univ., 1909. Accessed 1 Feb 2013.
| Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
