Cwrt-y-cadno
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | an Bhreatain Bheag | |||
| Contaebhuirg na Breataine Bige | Sir Gaerfyrddin | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||

Sráidbhaile i Sir Gaerfyrddin is ea Cwrt-y-cadno. Lonnaithe ar bhóthar cúil,, lastuaidh de Pumsaint agus Llandre amach ó bhóthar an A842 idir Llanbedr Pont Steffan agus Llanwrda. Ta an Séipéal Modhach Cwrt-y-cadno, a tógadh timpeall na bliana 1800,[1] i lár an tsráidbhaile.
Ba chrosbhóthar tábhachtach é Cwrt-y-cadno tráth, mar bhí sé ar bhealach na ndráibhéirí ó Cheredigion go margadh Smithfield i Sasana. I gCwrt-y-cadno, chuirfí crúite faoi na heallaí chun a gcrúba a chosaint, agus bheadh uisce agus féarach ar fáil don tréad. Bhí seanathair mhór Geraint Griffiths ina ngaibhne ar fheirmeacha Cwrt agus Nant Gwasanaeth ar feadh roinnt glúnta.
Ag deireadh an 18ú haois agus tús na haoise dár gcionn, bhí Cwrt-y-cadno aitheanta go maith ar fud na Breataine Bige mar bhaile an Dr. John Harries (a d’éag sa bhliain 1839), fear neamhghnách a measadh a bheith ina dhraoi, nó Dn Hysbys (Fear Eolais), a d’fhéadfadh galair de gach cineál a leigheas, drochspioraid a mhaolú agus an todhchaí a thuar. Creideadh go raibh leabhar draíochta aige.
Sníonn an abhainn <a href="https://cy.wikipedia.org/wiki/Afon_Cothi" rel="mw:ExtLink" title="Afon Cothi" class="cx-link" data-linkid="75">'Afon Coth</a>' tríd an sráidbhaile; tosaíonn sí ag leathadh anseo tar éis di teacht chun cinn timpeall cúig mhíle ó thuaidh.
Freastalaíonn páistí an tsráidbhaile ar an mbunscoil áitiúil Breatnaise, Ysgol Gynradd Caio.
