Ciúiriam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Curium)
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCiúiriam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Ciúiriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCm
Uimhir adamhach96
Mais adamhach247.07
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.28
Ga ianach0.97, 0.85 agus 0.95
Stair
AimsitheoirGlenn Theodore Seaborg
Fionnachtain1944
EapainmMarie Curie agus Pierre Curie

Is é an ciúiriam dúil cheimiceach uimhir a 96, agus is ceann de na dúile radaighníomhacha trasúránacha é. Is féidir ciúiriam a tháirgeadh tríd an bplútóiniam a bhombardú le halfa-cháithníní, is é sin, le núicléis héiliam. Fuair an ciúiriam a ainm ó Pierre agus Marie Curie, an bheirt cheannródaithe i gcúrsaí taighde na radaighníomhaíochta. Ba iad Glenn Seaborg, Albert Ghiorso agus Ralph A. James a bhí in ann ciúiriam a shintéisiú roimh aon duine eile agus a d'ainmnigh é. Rinne siad a bhfionnachtain sa bhliain 1944 in Ollscoil California, Berkeley.

Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá aige ná 248Cm, agus é 1.56 x 107 bliain ar leathré (is é sin, 15.600.000 bliain, cúig mhilliún déag agus sé chéad míle bliain). Is féidir eiseamail chiúiriam a tháirgeadh a cheadaíonn do na ceimiceoirí saintréithe an chiúiriam mar dhúil a aithint. Miotal airgeadgheal atá ann, agus é sách araiciseach chun imoibriú. Is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl. Is féidir leis an bhfluairín, áfach, ciúiriam a ocsaídiú go +4 - sin é an uimhir ocsaídiúcháin atá aige sa teatrafluairíd chiúiriam, CmF4.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]