Cumhacht gheoiteirmeach
Is í cumhacht gheoiteirmeach ná an leictreachas a ghintear le fuinneamh geoiteirmeach. Tá ann stáisiúin chumhachta gal-uisce tirime, splanc-gal-uisce agus timthrialla dénártha. Gintear leictreachas le fuinneamh geoiteirmeach i 30 tír,[1][2][3][4] agus úsáidtear téamh geoiteirmeach in 80 tír.[5][4]
| Krafla, a geothermal power station in Iceland | Countries with installed or developing geothermal power projects |
Meastar gur foinse idir inbhuanaithe agus in-athnuaite í cumhacht gheoiteirmeach, toisc gur beag é an méid teasa a bhaintear i gcomórtas le buiséad teasa inmheánaigh an Domhain.[6] Ar an meán, astaíonn stáisiúin gheoiteirmeacha 45 gram dé-ocsaíd charbóin sa chileavatuair leictreachais, nó níos lú ná 5% de ghléasra gualbhreoslaithe.[7]
Sa bhliain 2026, bhí toilleadh chumhachta geoiteirmí le 16.6 gigeavata (GW) san iomlán ar fud an domhain.[8][9][10] Dar leis an Geothermal Energy Association (GEA), níl ach c. 7% den leas bainte aisti, agus deir an PIRAA gurbh fhéidir 35 GW go 2 TW a bhaint.[5] Tá roinnt tíortha ann a ghineann níos mó ná 15% dá gcuid leictreachais le foinsí gheoiteirmeacha, san áireamh an tSalvadóir, an Chéinia, na hOileáin Fhilipíneacha, an Íoslainn, an Nua-Shéalainn[11] agus Cósta Ríce. Tá cumas geoiteirmeach le 29 GW ag an Indinéis, an méid is mó ar domhan; sa bhliain 2017, ní raibh ach 1.8 GW den leas seo bainte aici.
Meastar go mbeidh 3% go 5% den éileamh domhanda ginte ag foinsí geoiteirmeacha faoin mbliain 2050, agus le incentives, tuairim is 10% faoi by 2100.[11]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Geothermal Energy Association. Geothermal Energy: International Market Update Curtha i gcartlann 25 Bealtaine 2017 ar an Wayback Machine May 2010, p. 4-6.
- ↑ "Distributed Renewable Energies for Off-Grid Communities: Strategies and Technologies Toward Achieving Sustainability in Energy Generation and Supply" (as en) (2013). Newnes.
- ↑ "Worldwide potential of geothermal energy". Eden Geothermal. Dáta rochtana: 2026-08-24.
- 1 2 "Geothermal Energy Database". International Geothermal Association. Dáta rochtana: 2026-08-24.
- 1 2 "The possible role and contribution of geothermal energy to the mitigation of climate change" (2008-02-11). IPCC Scoping Meeting on Renewable Energy Sources Conference, Proceedings: 59–80. Luebeck, Germany: The Intergovernmental Panel on Climate Change. Curtha i gcartlann 2010-03-08 ar an Wayback Machine
- ↑ Rybach, Ladislaus (September 2007). "Geothermal Sustainability" 28 (3): 2–7. Klamath Falls, Oregon: Oregon Institute of Technology. Curtha i gcartlann 2012-02-17 ar an Wayback Machine
- ↑ Moomaw, W., P. Burgherr, G. Heath, M. Lenzen, J. Nyboer, A. Verbruggen, 2011: Annex II: Methodology. In IPCC: Special Report on Renewable Energy Sources and Climate Change Mitigation (ref. page 10) Curtha i gcartlann 27 Meitheamh 2013 ar an Wayback Machine
- ↑ Richter, Alexander (27 Eanáir 2020). "The Top 10 Geothermal Countries 2019 – based on installed generation capacity (MWe)". Think GeoEnergy - Geothermal Energy News. Dáta rochtana: 19 Feabhra 2021.
- ↑ "The International Geothermal Market At a Glance – May 2015". Geothermal Energy Association (Bealtaine 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Deireadh Fómhair 2021. Dáta rochtana: 23 Samhain 2021.
- ↑ "Global Geothermal Power Tracker". Global Energy Monitor. Dáta rochtana: 2026-08-24.
- 1 2 "Geothermal Energy, Heat Exchange Systems and Energy Piles" (2018): 41–42. Londain: ICE Publishing. Curtha i gcartlann 2018-08-21 ar an Wayback Machine
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |

