Cumann Nochtach na hÉireann
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1966 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ballraíocht | 500 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Suíomh gréasáin | irishnaturism.org | ||||
Is é Cumann Nochtach na hÉireann (CNÉ) nó Irish Naturist Association (INA) as Béarla, an eagraíocht in Éireann a spreagann saol nochtach neamh-ghéasach. Is eagraíocht dheonach go hiomlán é. Saothraíonn an Cumann Nochtach na hÉireann chun normalú a dhéanamh ar nochtach sóisialta in Éireann.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saothraíonn an Cumann Nochtach na hÉireann chun imeachtaí nochta éagsúla a chur ar fáil dona bhaill. Le déanaí, bíonn formhór des na imeachtaí seo eagraithe do bhaill amháin, ach bíonn cúpla imeacht eagraithe do nochtaithe nach bhfuil ina mbaill den CNÉ, mar shampla lá nocht ag trá agus fánaíocht nocht.
Snámh Nocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é seo á scríobh i 2025, tá seacht n-ionaid ar fud na tíre ina reáchtáiltear imeachtaí snámhacha nochta ag an CNÉ. Is iad ná:
- Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe
- Béal Átha Seanaidh, Co. Dún na nGall
- Biorra, Co. Uíbh Fhailí
- Iveagh Fitness Centre, Co. Bhaile Átha Chliath
- Mespil, Co. Bhaile Átha Chliath
- Muineachán, Co. Mhuineacháin
- Cill Mhantán, Co. Chill Mhantáin
De ghnáth, bíonn gach imeacht ag gach ionad ar siúl uair amháin sa mhí. Caithfear ar dhuine bheith ina bhall de CNÉ ar dtús chun a bheith páirteach ina imeachtaí snámhacha seo.
Sabhna Nocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é seo á scríobh i 2025, bíonn dá imeachtaí sabhnaí nochta á reáchtáil ag an CNÉ i gcathracha Bhaile Átha Chliath agus Chorcaí. Caithfear ar dhuine bheith ina bhall de CNÉ ar dtús chun a bheith páirteach in aon imeacht sabhna nocht.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Cumann Nochtach na hÉireann i 1963. Roimh an dáta sin, ba bhaill de Chomhairle Láir Nádúrachas na Breataine (Central Council for British Naturism as Béarla) a bhí ann ag an am, an líon beag nádúraithe a bhí ina gcónaí in Éirinn. Bhuail roinnt Éireannaigh le chéile agus iad ar saoire nochtach i gCorsaic agus shocraigh siad an Cumann Nochtach na hÉireann a bhunú. Tá duine dena bunaitheoirí, John Conlon, fós ina bhall gníomhach.
Ar feadh na mblianta fada ó bhunaíodh é, ba eagraíocht rúnda í an CNÉ agus tionóladh cruinnithe i dtithe na mball. Uaireanta bhí turais ann chuig trá iargúlta i gContae Chill Mhantáin, ó dheas de Bhaile Átha Cliath, ach d’fhan na baill i bhfolach sna dumhcha gainimh agus níor tháinig siad amach ar an trá ná isteach san fharraige.
Faoi dheireadh i rith na 1970idí, rinneadh Paul Moynihan, a fuair bás in 2017, mar Uachtarán an CNÉ. Bhí sé i bhfad níos oscailte ó thaobh chur chun cinn na heagraíochta agus thosaigh sé ag cur cúis an nádúrachais chun poiblíochta. Ag an am céanna, bhí Éire ag éirí níos liobrálaí ina dearcadh agus thosaigh an chinsireacht ag maolú.
Thaispeáin agus dhíol Moynihan irisí agus leabhair nochtacha ina shiopa i lár Bhaile Átha Cliath. Bhagair an Garda Síochána air arís agus arís eile go gcuirfí dlí air as litríocht mhídhleathach a thaispeáint, ach in ndeireadh na dála dhiúltaigh sé géilleadh. Thug Moynihan go leor agallaimh do nuachtáin agus stáisiúin raidió, ghlac sé páirt i gclár faisnéise teilifíse agus d’eagraigh sé aonach saoire nochtach fiú nuair a dhiúltaigh lucht eagraithe mór-aonaigh saoire i mBaile Átha Cliath cead a thabhairt don CNÉ páirt a ghlacadh.
De bharr ar an bpoiblíocht seo, thosaigh dearcadh an phobail i leith nochtachais ag athrú. I dtús na 1980idí bunaíodh Club Aquarius i mBaile Átha Cliath chun freastal ar lánúineacha agus ar theaghlaigh nochtacha, agus d’éirigh leo roinnt linnte snámha a fháil ar cíos, ina measc ceann á reáchtáil ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, rud a bhí ina mhórchéim chun tosaigh.
I dtús na 2000idí rinneadh Pat Gallagher mar Uachtarán an CNÉ. Chreid sé gur chóir do nochtaithe in Éireann a bheith bródúil as a stíl mhaireachtála. Thug sé líon mór agallaimh don mheáin a léirigh na nochtaithe mar ghnáthdhaoine coitianta. Thosaigh Gallagher feachtas freisin chun an dlí a athrú ionas go bhféadfadh údaráis áitiúla tránna nó áiteanna folctha oiriúnacha a ainmniú mar thránna nochtacha nó mar áiteanna “clothing optional".
Sa bhliain 2014 reáchtáil an CNÉ Comhdháil Idirnáisiúnta an Nádúrachais in Éirinn, i gCo. Liatroma.
I 2015 chualamar go raibh an Rialtas ag athbhreithniú an dlí ar chionta gnéis i ndiaidh cinneadh ón Ard-Chúirt gur sháraigh an dlí seanbhunaithe 1935 ar nochtadh mígheanasach an Bunreacht. Rinne an CNÉ aighneacht mhionsonraithe chuig an Rialtas. Ina dhiaidh sin athraíodh an dlí i 2017 ionas nach raibh cion bainteach le nochtachas ach amháin má bhí sé i gceist ag an duine masla nó scaoll a chur ar dhuine eile, nó má bhí sé páirteach i n-iompar gnéasach míchuí.
Tá an CNÉ ar an bhfód le breis is caoga bliana anuas in Éireann, ag cothú imeachtaí nochta do nochtaithe ar fud na tíre.
Ó 2025, tá thart ar 700 baill mar pháirt den CNÉ.