Cumann Dornálaíochta Lúthchleasaíochta na hÉireann
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | bord rialaithe spóirt |
| Gníomhaíocht | |
| Spórt | amateur boxing (en) |
| Suíomh gréasáin | iaba.ie |
Bunaíodh Cumann Dornálaíochta Lúthchleasaíochta na hÉireann (CDLE)[1] sa bhliain 1911. Baineadh an focal "Amaitéarach" as a ainm in 2016
Fuair CDLE maoiniú poiblí 5.7 milliún euro le linn 2021-2024 mar Infheistíocht sa Spórt Ardfheidhmíochta.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Breandán Ó Conaire dhá théarma, 1996-2006, ina Uachtarán ar CDLÉ. D’éirigh leis ord agus eagar a chur ar an gcumann a raibh drochbhail air roimh a theacht, an cumann go domhain i bhfiacha agus trína chéile ag aighnis faoina bhunreacht.[3]
Sa bhliain 2003, ceapadh Billy Walsh, buachaill bán na dornálaíochtain Éirinn ag an am, mar phríomhchóitseálaí sa rannóg nua "ardfheidhmíochta" a bhí curtha le chéile ag CDLÉ, faoi cheannas Gary Keegan. Cruthaíodh post nua do Zaur Antia ag an am céanna (mheall Dónal Ó Conaill, fear gnó as Cathair Chorca, Antia go hÉirinn an chéad lá ariamh), mar chóitseálaí teicniúil sa rannóg ardfheidhmíochta. Ceapadh Antia mar Phríomh-Chóitseálaí ChDLÉ in 2015. Chuaigh Antia ar a phinsean i mí na Samhna 2023.
Ó leag Antia cos ar thalamh na hÉireann in 2003 go dtí 2025, bhí deich gcinn de bhoinn Oilimpeacha tagtha go hÉireann, os cionn scór bonn as na Craobhacha Domhanda agus go hard os cionn 100 bonn ó chraobhacha idirnáisiúnta eile.[3] 2008 Cúigear dornálaithe a bhí faoina chúram i mBéising – thug Kenny Egan, Paddy Barnes agus Darren Sutherland boinn abhaile leo.

2012
Seisear a chuaigh go Londain áit ar bhuaigh Katie Taylor bonn óir agus boinn tughta leo ag Barnes, Micheal Conlon, agus John Joe Nevin iad féin.
2016
Ar feadh bliain go leith sular thosaigh na Cluichí i Rio, ba ar easaontas idir an CDLÉ agus Billy Walsh ba mhó a caitheadh fuinneamh agus a deineadh caint in 2014-2015. Ba é deireadh an scéil gur éirigh Walsh as agus thug aghaidh ar phost den chineál céanna sna Stáit Aontaithe.
2020
I dTóiceó thug Aidan Walsh bonn cré-umha abhaile leis as an tSeapáin.
2024
I bPáras bhuaigh Kellie Harrington an t-ór. 249 dornálaí (125 bean agus 124 fear) as chuile choirnéal den domhan a thuill an onóir a bheith i bPáras in 2024. Bhí deichniúr de chuid na hÉireann ina measc sin. Ní beag le rá nach raibh ach dhá thír eile – an Astráil (dháréag) agus an Chasacstáin (11) a raibh níos mó ionadaíochta acu sa gcró dornálaíochta ná a bhí ag Éireann.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Cumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann. I mBéarla, Irish Athletic Boxing Association nó Irish Amateur Boxing Association (IABA)
- ↑ sportireland.ie (2025). "Spórt Éireann Infheistíocht sa Spórt Ardfheidhmíochta 2025". Dáta rochtana: 2025.
- 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (30 Samhain 2025). "Focal amháin Béarla féin ní raibh ag Zaur Antia nuair a tháinig sé go hÉirinn ar dtús ach tá oidhreacht shoiléir fágtha aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-01.