Cultúr an Aosa Eascra
| Cineál | cultúr seandálaíoch |
|---|---|
| Ball de | Neoiliteach, An Chré-umhaois, Final Neolithic in Central Europe (en) |
| Tíreolaíocht | |
| Ó dhúchas | an Eoraip Láir, Iarthar na hEorpa agus Deisceart na hEorpa |
| Baile | 2600í "RCh" |
| An deireadh | 2200í "RCh" |
| Léarscáil dáileacháin | |
| Roimh | Corded Ware culture (en) |
| Le leanúint | Nordic Bronze Age (en) |
Is cultúr seandálaíochta é Cultúr an Aosa Eascra, ar a dtugtar Coimpléasc an Aosa Eascra nó Feiniméan an Aosa Eascra freisin, a ainmníodh i ndiaidh an tsoithigh óil inbhéartaithe a úsáideadh ag tús na Cré-Umhaoise Eorpaí, a d'eascair ó thart ar 2800 RCh. Ba é an réamhstaraí Gearmánach Paul Reinecke a chum an téarma ar dtús mar Glockenbecher, agus thug John Abercromby isteach an t-aistriúchán Béarla Bell Beaker sa bhliain 1904.
Mhair cultúr an Aosa Eascra sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn ó 2400 RCh. le teacht chun cinn uaigheanna adhlactha aonair, go dtí chomh déanach le 1800 RCh, [1] [2] ach i mór-roinn na hEorpa go dtí 2300 RCh amháin, nuair a tháinig cultúr Únětice ina áit. Bhí an cultúr scaipthe go forleathan ar fud Iarthar na hEorpa, i láthair i go leor réigiún de chuid na hIbéire agus ag síneadh soir go machairí na Danóibe, agus ó thuaidh go hoileáin na Breataine Móire agus na hÉireann, agus bhí sé i láthair freisin in oileáin na Sairdíne agus na Sicile agus i roinnt ceantar cósta in iarthuaisceart na hAfraice . Léiríonn feiniméanan Aosa Easrca éagsúlacht shuntasach réigiúnach, agus fuarthas i staidéar [3] ó 2018 go raibh baint aige le daonraí atá éagsúil ó thaobh géineolaíochta de.
Ina thréimhse luath, bhí Cultúr an Aosa Eascra comhaimseartha le chultúr na nEarraí Cordaithe na hEorpa Láir. Ó thart ar 2400 RCh, leathnaigh cultúr an Aosa Eascra soir, isteach i léaslíne na nEarraí Cordaithe. [4] I gcodanna de Lár agus Oirthear na hEorpa, chomh fada soir leis an bPolainn, tarlaíonn seicheamh ó Earraí Cordaithe go dtí an tAos Eascra. Is tréimhse teagmhála cultúrtha í an tréimhse seo san Eoraip Atlantach agus in Iarthar na hEorpa i ndiaidh tréimhse fhada scoiteacht choibhneasta le linn na tréimhse Neoilití.
Ina thréimhse aibí, tuigtear cultúr an Aosa Eascra ní hamháin mar bhailiúchán de saindhéantáin amháin, ach mar fheiniméin chultúrtha chastá lena n-áirítear miotalóireacht i gcopar, cré-umha arsanaiceach agus ór, [5] líonraí malairte ó chian, boghaireacht, cineálacha sonracha ornáide, agus (is dócha) smaointe idé-eolaíocha, cultúrtha agus reiligiúnacha comhroinnte, chomh maith le srathú sóisialta agus teacht chun cinn éilít réigiúnach.. [6] [7] Maireann raon leathan éagsúlachta réigiúnaí laistigh de chultúr fairsing déanach an Aosa Eascra, go háirithe i stíleanna adhlactha áitiúla (lena n-áirítear loscadh in áit adhlactha), stíleanna tithíochta, próifíl eacnamaíoch, agus earraí ceirmeacha áitiúla ( Begleitkeramik ). Mar sin féin, de réir Lemercier (2018) léiríonn tréimhse aibí chultúr an Aosa Eascra "teacht chun cinn chineál sibhialtachta an Aosa Eascra ar scála ilchríochach". [8]
Bunús agus leathnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bradley 2007.
- ↑ Cunliffe 2010.
- ↑ Olalde (21 February 2018). "The Beaker phenomenon and the genomic transformation of northwest Europe". Nature 555 (7695): 190–196. doi:. ISSN 1476-4687. PMID 29466337. Bibcode: 2018Natur.555..190O. “Genome-wide data have revealed high proportions of Steppe-related ancestry in Beaker Complex-associated individuals from Germany and the Czech Republic, showing that they derived from mixtures of populations from the Steppe and the preceding Neolithic farmers of Europe.... The Y-chromosome composition of Beaker-associated males was dominated by R1b-M269 ..., a lineage associated with the arrival of Steppe migrants in central Europe after 3000 BCE.... [M]igration played a key role in the further dissemination of the Beaker Complex, a phenomenon we document most clearly in Britain, where the spread of the Beaker Complex introduced high levels of Steppe-related ancestry and was associated with a replacement of ~90% of Britain's gene pool within a few hundred years, continuing the east-to-west expansion that had brought Steppe-related ancestry into central and northern Europe 400 years earlier ... British Beaker Complex-associated individuals show strong similarities to central European Beaker Complex-associated individuals in their genetic profile”
- ↑ Papac (2021). "Dynamic changes in genomic and social structures in third millennium BCE central Europe". Science Advances 7 (35). doi:. PMID 34433570. Bibcode: 2021SciA....7.6941P.
- ↑ Hansen (2017). "Arsenic bronze: An archaeological introduction into a key innovation". Eurasia Antiqua 23.
- ↑ Fokkens & Nicolis 2012.
- ↑ "Analysis of the Economic Foundations Supporting the Social Supremacy of the Beaker Groups: Proceedings of the XVII UISPP World Congress (1-7 September, Burgos, Spain)" (September 2014). Archaeopress. ISBN 9781784913076.
- ↑ Lemercier (December 2018). "Think and Act: Local Data and Global Perspectives in Bell Beaker Archaeology". Journal of Neolithic Archaeology 20 (Special Issue 4): 77–96. doi:.