Cuimhneachán ar Íospartaigh Ghníomhartha Sceimhlitheoireachta in Iosrael
Jump to navigation
Jump to search
Séadchomhartha i gcuimhne daoine a fuair bás de bharr sceimhlitheoireachta is ea Cuimhneachán ar Íospartaigh Ghníomhartha Sceimhlitheoireachta in Iosrael (אנדרטת חללי פעולות האיבה, Andartat Halalei Pe'ulot HaEiva). Is cuimhneachán é ar gach íospartach na sceimhlitheoireachta in Iosrael ón bhliain 1851 ar aghaidh. Tá an cuimhneachán suite i Reilig Náisiúnta Státseirbhís Stáit Iosrael, idir an reilig mhíleata agus uaigh Itzhak Rabin, ar Sliabh Herzl in Iarúsailéim. Áirítear ar an chuimhneachán ainmneacha na ndaoine Giúdacha agus neamh-Giúdacha a maraíodh i ngníomhartha sceimhlitheoireachta sa tír úd. Dhear an lánúin Moshe and Rita Oren, ailtirí, an cuimhneachán.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Memorial to the Victims of Acts of Terror (Jerusalem) |